Jump to content

GCN

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de publicacions periòdiquesGCN
(Gay Community News)
GiorrúchánGCN
CineálIris LADTA+
Cárta innéacs
TeangaAn Béarla (corr-alt i nGaeilge)
Am tosaigh1988
Stiúrthóir/bainisteoirMichael Brett
Bunaitheoir(í)Tonie Walsh agus Catherine Glendon
ÚinéirNXF (An Chónaidhm Náisiúnta LADT)
Áit a fhoilsitheBaile Átha Cliath
Tréith
Eatramh foilsitheI gcló gach re mí, ar líne go laethúil
SeánraNuacht, siamsaíocht, stíl mhaireachtála
PríomhábharCúrsaí LADTA+
PríomheagarthóirPeter Dunne
FoilsitheoirNXF (An Chónaidhm Náisiúnta LADT)
Foilsithe iÉire
Rochtain oscailte
PraghasSaor in aisce
Eagrán384+
Formáid dáilteI gcló agus ar líne
Ainmniúcháin agus gradaim
GradaimSpiders Awards 2022 Emerging Stronger Digital for Good Award / Not for Profit

← TheOutmost.com
Aitheantóirí
ISSN0791-7163

Suíomhwww.gcn.ie
Facebook: gaycommunitynews Twitter: GCNmag Instagram: gcnmag Youtube: GCNmag TikTok: gcnmag Cuir in eagar ar Wikidata

GCN (Gay Community News) ar an bhfoilsitheoir LADTA+ agus ar an bhfoilseachán saor in aisce LADTA+ is fad-mharthanaí in Éirinn. Is i mBÁC atá sé lonnaithe agus bunaíodh in 1988 é.[1] Tá sé faoi ghradam faoi leith ag pobal LADTA+ na hÉireann.[2]

Stair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Go déanach sna 1980í, d'fhéach na gníomhaithe Tonie Walsh agus Catherine Glendon le foilseachán LADTA+ a bhunú a bheadh saor in aisce. Bhí an National Gay Federation (Gaeilge: An Chónaidhm Náisiúnta Aerach; The National LGBT Federation a thugtar anois uirthi, nó NXF, Gaeilge: An Chónaidhm Náisiúnta LADT) tar éis dhá thréimhseachán LADTA+ a fhoilsiú cheana ar teipeadh orthu, ach d'aontaigh siad nuachtán LADTA+ a bhunú. Foilsíodh an chéad eagrán de GCN ar an 10 Feabhra 1988[3][4] mar nuachtán táblóideach ocht leathanach. Niall Sweeney a dhear an chéad eagrán seo[5] agus sna 1990idí chuir an Meath Chronicle (Gaeilge: Croinic na Mí) i gcló é.[6] Foilsítear é go seasta gach mí ó shin i leith, gan ach eisceacht amháin.[lua de dhíth] Is trí na tithe tábhairne agus na clubanna a bhí baint ag an bpobal LADTA+ leo a rinneadh é a dháileadh go príomha, chomh maith le spásanna eile a bhí báúil leo ar nós aontais mhac léinn, roinnt siopaí leabhar, agus ionaid phobail agus ealaíon.[6]

Tá GCN faoi úinéireacht NXF, ar eagraíocht dheonach í, agus is í a fhoilsíonn.[7] Ba é Stát na hÉireann a mhaoinigh GCN ar dtús le linn na tréimhse sna 1980í agus go luath sna 1990í a bhí deacair ó thaobh na heacnamaíochta de. Tá comharthaí maoinithe air fós ón bPlean Forbartha Náisiúnta agus ó Phobal (nach ionann é agus POBAL).[3] Dúirt GCN nach raibh tionchar ag maoiniú ón rialtas agus ó fhógraíocht ar roghanna eagarthóireachta an fhoilseacháin.[6] Go luath sna 1990idí, d’oibrigh na gníomhaithe agus scríbhneoirí mór le rá, Suzy Byrne agus Junior Larkin ar an bhfoilseachán.[8]

D’eagrán 100, i 1997, rinne GCN urraíocht ar an gcéad Irish Queer Writers Award (Gaeilge: Gradam do Scríbhneoirí Aiteacha na hÉireann), a bhuaigh Micheál Ó Conghaile agus Padraig Rooney ina bhliain tionscnaimh. Le linn an ama seo, d'fhoilsigh GCN roinnt cartún colláis le Margaret Lonergan faoin gcultúr leispiach.[9] Faoi 1998, bhí beirt bhall foirne lánaimseartha ag an bhfoilseachán agus 21 post páirtaimseartha maoinithe ag FÁS[6] agus bileog 38 leathanach á cur ar fáil acu saor in aisce.[3]

I mí Iúil 2003, ceapadh Brian Finnegan ina eagarthóir agus athsheoladh GCN mar iris lándaite mar iarracht an foilseachán a dhéanamh níos inmharthana ón thaobh tráchtála de,[5] le maoiniú ó Atlantic Philanthropies.[3] Mar thoradh ar an athsheoladh seo bhí ioncam le maíomh ag an bhfoilseachán tar éis roinnt blianta de chaillteanais. Tar éis an choir chun donais eacnamaíoch in 2008 agus caillteanas ioncam fógraíochta, thosaigh GCN ag reáchtáil feachtais tiomsaithe airgid.[5]

Thosaigh láithreacht ar líne GCN sa bhliain 2000. Athsheoladh an suíomh gréasáin i mí Eanáir 2014, faoin ainm nua TheOutmost.com.[10] Athraíodh teideal an tsuímh ghréasáin ar ais go GCN le bheith ag teacht le hathbhrandáil agus athsheoladh iomlán na hirise in 2017.[11]

In 2019, ceapadh Lisa Connell ina hEagarthóir Bhainistíochta ar GCN[12] chun an eagraíocht a stiúradh isteach ina chéad chaibidil eile, le Peter Dunne ina Eagarthóir ar an iris chlóite agus le Ceannaire Digiteach, Margaíochta agus Forbartha, Stefano Pappalardo, i gceannas ar chúrsaí digiteacha.

In 2022 bronnadh an Spider AwardEmerging Stronger – Digital for Good Award / Not-for-Profit’ ar GCN, a thugann aitheantas d'eagraíochtaí gan beann ar bhrabús a spreagann feabhas digiteach ar fud a láithreáin ghréasáin, meáin shóisialta nó seirbhísí.[13]

I mí Eanáir 2023, cheap GCN an Bainisteoir Grúpa Michael Brett chun asraon meán náisiúnta LADTA+ na hÉireann a threorú ina sheirbhís don phobal.

I mí an Mheithimh 2023, sheol GCN a Chartlann Dhigiteach, rud a chuir eagráin an chéad deich mbliana den iris ar fáil saor in aisce do léitheoirí ar líne don chéad uair ina stair 35 bliain. Maoiníodh digitiú chartlann GCN tríd an gciste Seirbhísí Pobail LGBTI+ ón Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.

Sa lá atá inniu ann, tá GCN tar éis tiontú diaidh ar ndiaidh ó iris mhíosúil go preas náisiúnta LADTA+ saor in aisce na hÉireann agus go acmhainn lárnach don phobal, ag feidhmiú mar mhol agus ag féachaint le heolas, siamsaíocht agus ardán a thabhairt don phobal, le hoideachas a chur air, lena nascadh, agus le tacú leo. Tá láithreacht bhríomhar chlóite agus dhigiteach ag GCN lena iris, lena shuíomh gréasáin nuachta, siamsaíochta agus stíl mhaireachtála, agus lena tionscnaimh dhigiteacha, feachtais, imeachtaí beo, cainéil meán sóisialta agus siopa ar líne.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Our History”. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 3 November 2013. Dáta rochtana: 2 November 2013.
  2. Moore (22 February 2010). “Can GCN Survive The Web Revolution?”. Hotpress. Dáta rochtana: 2021-06-21.
  3. 3.0 3.1 3.2 3.3 Brian Finnegan (14 February 2009). "A birthday to have pride in" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 17 Meitheamh 2021.
  4. Connell (2021-02-10). “GCN marks 33 years as Ireland's National LGBTQ+ press” (en). GCN. Dáta rochtana: 2021-06-17.
  5. 5.0 5.1 5.2 History – National LGBT Federation” (en-US). Dáta rochtana: 2021-06-17.
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 Pettit (2016-11-02). "Ireland's Alternative Press: Writing from the Margins". Irish Communication Review 7 (1). doi:10.21427/D7WH9V. ISSN 0791-0010. 
  7. Finnan (2021-06-01). “13 Irish LGBTQI+ charities to support this Pride month and every month” (en-US). IMAGE.ie. Dáta rochtana: 2021-06-17.
  8. Finnegan (2017-07-24). “Remembering Junior Larkin • GCN” (en). GCN. Dáta rochtana: 2022-08-08.
  9. Madden (2013). "Queering Ireland, In the Archives". Irish University Review 43 (1): 184–221. doi:10.3366/iur.2013.0064. ISSN 0021-1427. JSTOR 24576820. 
  10. The Outmost – GCN's new website – National LGBT Federation” (en-US). Dáta rochtana: 2021-06-21.
  11. GCN” (en-US). Viralbamboo. Dáta rochtana: 2021-06-21.
  12. Dunne (2019-03-22). “GCN appoints new Managing Editor: Lisa Connell” (en). GCN. Dáta rochtana: 2023-07-19.
  13. GCN (2022-04-01). “GCN wins 'Digital for Good Award' at 2022 Spiders Awards” (en). GCN. Dáta rochtana: 2023-07-19.