Gúrú i gClúidíní

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharGúrú i gClúidíní
Cineálcnuasach filíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarCathal Ó Searcaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foilseachán2006 Cuir in eagar ar Wikidata
FoilsitheoirCló Iar-Chonnacht

Cnuasach dánta leis an bhfile Cathal Ó Searcaigh is ea Gúrú i gClúidíní. D'fhoilsigh Cló Iar-Chonnachta é sa bhliain 2006.

Tuairimi an fhile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Deir an file faoin gcnuasach:

"Cé go bhfuil spiorad an tsolais sa duanaire seo tá imní fan dorchadas á léiriú go láidir ann fosta. Tig na dánta seo as duibheagán an dóláis, amhráin bheaga a chanann crá an chroí. Tá níos mó d?uamhan an aonaráin agus de bhuairt an tsaoil iontu, sílim, ná mar a gheobhfá de ghnáth i mo shaothar. Tá ualach na beatha ina luí orthu níos troime ná mar a braitheadh ar mo dhánta go dtí seo; tuiscint go bhfuil muid uilig inár n-aonaráin amuigh i mbéal an uaignis, amuigh ansin ar aghaidh na síoraíochta, is cuma cé chomh dlúth agus atá ár gcaidreamh lenár gcairde, lenár gcomharsain, lenár gcomhdhaoine. Sin é ár ndán, mar a déarfá, ár gcinniúint dhaonna".

Ainm[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá mac uchtaithe ag an Searcach i Neipeal, Prem Timalsina, is dán faoi mhac Prem, Prashant, a thugann a ainm don leabhar.

Oileán na Marbh[cuir in eagar | athraigh foinse]

Seo dán a bhfuair an file coimisiúnú air faoi na hoileáin bheaga amach ó chósta Thír Chonaill, áit ar cuireadh leanaí a cailleadh sular baisteadh iad. Tá ceol curtha leis ag Neil Martin agus chas Maighread Ní Dhomhnaill agus an West Ocean String Quartet é ag ceolchoirm sa bhliain 2006.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]