Gás uisce

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Táirgtear é trí ghaluisce a shéideadh trí chóc te agus meascán de hidrigin is aonocsaíd charbóin a chruthú: H2O + C → CO + H2. Gás le fuinneamh nó luach calrach ard an meascán seo, ach amháin gur próiseas inteirmeach é, is é sin, cosnaíonn sé níos mó fuinnimh ná mar a tháirgeann sé. Déantar go spontáineach é go minic i ngnáth-tháirgeadh gás baile, mar fhochuid den ghás sin. Tugtar gás leathuisce air ansin, agus fuinneamh níos lú aige.