Gáma-radaíocht

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Radaíocht leictreamaighnéadach le tonnfhaid an-ghairide (níos lú ná 0.3 × 10-12 m) atá i gceist le Gáma-radaíocht. Níl aon lucht leictreach inti. Tá sí cosúil le X-radaíocht, ach go n-astaítear í le linn meatha radaighníomhaigh ina dtarlaíonn aistrithe ó staideanna flosctha ardfhuinnimh chuig staideanna d'fhuinneamh níos lú sna núicléis. Foinse choitianta is ea cóbalt-60, a bhfuil leathré 5.26 bliain aige.