Fungais Oirdheisceart na hAstráile

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tá éagsúlacht ag baint le fungais oirdheisceart na hAstráile, díreach mar atá le fungais in áiteanna eile. Tá a lán fungais dhúchasacha ann: maireann cuid acu faoi thalamh nó istigh i speicis eile (ar nós crann), ach is furasta amharc a fháil ar roinnt eile agus iad beo amuigh faoin aer. Tá baint leis an gcuid is mó acu le crainn, agus in oirdheisceart na hAstráile is mó atá coillte na tíre le fáil.

Ag seo roinnt de na fungais is coitianta.

Beacán coirníneach (Aleuria)
Geolbhaigh bhithlonracha O. nidiformis
Fungais Oirdheisceart na hAstráile
Ainm Laidine (agus Béarla) Ainm Gaeilge a mholtar Comharthaí sóirt
Aleuria aurantia (Orange-peel Fungus) Beacán coirníneach Cuma cuach ar an gcloigeann. Dath dearg air. Gas seang aige. Timpeall seacht gceintiméadar ar leithead.
Amanita farinacea Beacán bán Coitianta i gcoillte eocalaipe. Dath bán air. Cuma chruinn ar an gcloigeann agus é ag fás, cuma chothrom air agus é i mbun a mhéide. Duilleoga simplí air agus gas seang aige. Timpeall deich gceintiméadar ar leithead.
Boletus barragensis Boiricín coille Fungas méith. Dath bándearg ar bharr an chloiginn agus ar an ngas. Dath buí ar an bhfíochán spórach ar íochtar an chloiginn. An gas ag leathnú ag an mbun.
Cortinarius archeri Beacán gorm Measartha coitianta i gcoillte eocalaipe. É an-ramallach agus é tais. Dath corcra air. Gas méith aige agus fáinne sreabhnach air. Duilleoga simplí air. Timpeall deich gceintiméadar ar leithead.
Cortinarius sinapicolor Beacán buí Le fáil ina lán saghsanna coille. Dath glébhuí air agus é ag dul chun flannbhuí ar barr. Boladh uaidh a chuirfeadh caraí i gcuimhne duit. Cloigeann ramallach air. Timpeall ocht gceintiméadar ar leithead.
Dermocybe splendida Beacán niamhrach Coitianta i gcoillte eocalaipe agus taechrann. Duilleoga simplí flannbhuí air a éiríonn donn de réir mar a fhásann na spóir. Dath corcra ar bharr an chloiginn. Timpeall cúig cheitiméadar ar leithead.
Dictyopanus pusillus Lonrachán maide Cuma fean air agus dath bán air. É ag fás ina mbraislí ar adhmaid lofa. Taobh amháin breac le piocháin. Gas beag sleasach aige. Timpeall 1.5 ceintiméadar ar leithead. Lonraíonn sé istoíche.
Galerinum hypnorum Beacán mionchloigneach Le fáil i gcoillte taise, agus é ag fás san ithir nó ar adhmad caonaigh atá ag lobhadh. Dath donn air. Fungas beag mín é a bhfuil duilleoga simplí air agus gas seang dorcha aige. Timpeall ceintiméadar ar leithead.
Geastrum triplex (Earth Star) Cnaipín ceamach Sac cruinn dorcha aige atá lán de spóir dhúdhonna agus rufa liath ina thimpeall ar dhealramh réalta. Le fáil sa chuid is mó de na coillte. É chomh leathan le deich gceintiméadar trasna.
Hypholoma fasciculare Beacán buí nimhe É le fáil ar adhmad lofa. Is minic ag fás ina dhlúthbhraislí é. Cloigeann cothrom leathan air. Dath buí air agus é ag éirí flannbhuí i lár an chloiginn. Dath glasbhuí ar na duilleoga óga, agus iad ag dorchú nuair a scaoiltear na spóir dhonnchorcra.
Lactarius eucalypti Beacán logánach Coitianta i gcoillte eocalaipe. Cuma fóiséid air go minic. Dath donn air. Duilleoga simplí air. Timpeall seacht gceitiméadar ar leithead.
Macrolepiota clelandii Beacán leathan Le fáil i gcoillte arda agus uaireanta cois bóthair le hais coille. Cloigeann leathan breac liath air agus gas seang fada (timpeall 20 cm) aige. Duilleoga simplí air. É chomh leathan le dhá cheintiméadar déag.
Omphalina umbellifera Beacán umballach Fungas líceanach agus dath glébhuí air. Cuma umbalach air. É ag fás i gcré nó in ithir sách gairbhéalach atá breac le halgaí. Duilleoga simplí air. É chomh leathan le 1.5 ceintiméadar.
Omphalotus nidiformis Beacán nide Cuachfhungas liath nimhe agus (mar a chuireann an Laidin in iúl) cuma nide air. É ag fás ar adhmad lofa i gcoillte eocalaipe agus péine, agus uaireanta faoi bhun crann beo. Duilleoga ladhracha air. É chomh leathan le fiche ceintiméadar trasna. Lonraíonn sé istoíche.
Podoscypha petalodes Cnota buí Fungas leathrúil buí agus cuma fóiséid air. É ag fás ina mbraislí timpeall crann. Uaireanta tá sé le feiceáil ar an talamh agus adhmad lofa á chothú thíos.
Russula purpureoflava Beacán corcra Fungas corcra agus cloigeann cothrom air. Duilleoga buí air. Gas sách tiubh aige. Coitianta i gcoillte eocalaipe agus i bhfraoch. Timpeall sé cheitiméadar ar leithead.
Trametes versicolor (Rainbow Fungus) Beacán stríocach Cuma bracóige air agus é timpeall seacht gceintiméadar ar leithead. Dath liath ar thaobh amháin (an taobh ‘uachtarach’) in éineacht le bannaí dathacha. Dath bánbhuí ar an taobh eile, áit a bhfuil piocháin bheaga. Tábhacht leis an bhfungas seo maidir le lobhadh adhmaid, agus é ina sheadán ar chrainn bheo uaireanta.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabharliosta[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Fuhrer B. (2005). A field guide to Australian fungi. Bloomings Books, Melbourne.
  • Mosses, liverworts, fungi and lichens: Cryptogamatic organisms of Melbourne’s Middle Yarra Region (bróisiúr). Foilsíodh faoi choimirce City of Whitehorse, Banyule City Council, Nillumbik Shire agus Manningham Shire.