Fronta polach
Cuma
An príomhlimistéar do na córais fhrontacha aimsire san Aigéan Ciúin thuaidh is an tAigéan Atlantach thuaidh. Foirmíonn sé an teorainn idir an mhais aeir Mholach (fuar) is an mhais aeir fhothrópaiceach (níos teo), agus cruthaítear lagbhrúnna nó cioclóin ar a fhad. Braitheann ionad an fhronta ar an scairdshruth Molach, ag athrú de réir an tséasúir. Sa gheimhreadh bíonn sé níos faide ó dheas (40-50° thuaidh), agus bíonn an ghníomhaíocht fhrontach freagrach as an aimsir fhuar fhliuch a fhaigheann tuaisceart na hEorpa. Sa samhradh bogann an fronta ó thuaidh, agus bíonn a ionad níos athraithí.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fronta Molach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 291.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |