Fronta Molach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An príomhlimistéar do na córais fhrontacha aimsire san Aigéan Ciúin thuaidh is an tAigéan Atlantach thuaidh. Foirmíonn sé an teorainn idir an mhais aeir Mholach (fuar) is an mhais aeir fhothrópaiceach (níos teo), agus cruthaítear lagbhrúnna nó cioclóin ar a fhad. Braitheann ionad an fhronta ar an scairdshruth Molach, ag athrú de réir an tséasúir. Sa gheimhreadh bíonn sé níos faide ó dheas (40-50° thuaidh), agus bíonn an ghníomhaíocht fhrontach freagrach as an aimsir fhuar fhliuch a fhaigheann tuaisceart na hEorpa. Sa samhradh bogann an fronta ó thuaidh, agus bíonn a ionad níos athraithí.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fronta Molach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 291.