Jump to content

Friotachas

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilFriotachas
Siombailρ Cuir in eagar ar Wikidata
Aonad SIohm metre (en) Aistrigh agus kilogram cubic metre per cubic second square ampere (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Foirmle Cuir in eagar ar Wikidata

Tomhasann friotachas (Béarla: resistivity) cé chomh láidir a fhrithsheasann ábhar i gcoinne srutha leictrigh. Léiríonn friotachas íseal go ligeann ábhar gluaiseacht an luchtaleictrigh go héasca. Tugtar go minic an litir Gréagach ρ (ró) ar fhriotachas ábhar an tseoltóra. Is é aonad SI an fhriotachais leictrigh ná an t-óm-méadar (Ω ⋅ m) cé go bhfuil aonaid eile ar nós t-óm-ceintiméadar⋅(Ω ⋅ cm) in úsáid freisin. Mar shampla, má bhaineann friotaíocht R le seoltóir dar fad agus darb achar trasghearrtha A, tugtar an tairiseach ρ leis an bhfoirmle:

Má tá ciúb soladach d'ábhar 1 m × 1 m × 1 m ann, agus an fhriotaíocht 1 Ω idir na teagmhálacha leictreacha idir dhá thaobh urchomhaireach an chiúb, ansin, beidh friotachas an ábhair 1 Ω ⋅ m.

Friotaíocht méadair chiúbaithe d'ábhar, airí tairiseach ag teocht ar leith. Úsáidtear an tsiombail ρ, le haonad Ω.m (méadar óim), dó. Ag 0 °C, luach ρ = 1.55 × 10-8 Ω.m ag copar (seoltóir maith leictreach), 0.5 Ω.m ag gearmáiniam (leathsheoltóir), agus 1011 Ω.m ag gloine (inslitheoir nó drochsheoltóir). Tugtar an tseoltacht ar 1/ρ.[1]

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Hussey, Matt (2011). "Friotachas". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 288.