Frederick Reines
Cuma
Fisiceoir a rugadh i Paterson, New Jersey ab ea Frederick Reines (16 Márta 1918 - 26 Lúnasa 1998). Toradh suntasach ar a thaighde ab ea fionnachtain an neoidríonó, ceann de bhuncháithníní na Cruinne. Mar gheall ar an saothar seo, bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice sa bhliain 1995 le Martin Perl.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Frederick Reines". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 556.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |