Fraoch
Calluna vulgaris | |
---|---|
Sonraí | |
Gnáthóg | fraochmhá, portach, dumhach, smell of burning (en) agus pine forest (en) |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Plantae |
Ord | Ericales |
Fine | Ericaceae |
Géineas | Calluna |
Speiceas | Calluna vulgaris Hull |
Ainmníocht | |
Basainm | Erica vulgaris |
Tom beag dosach síorghlas, dúchasach don Eoraip thuaidh is thiar is ea fraoch.[1] Na duilleoga i bpéirí 1-2 mm ar fhad, cosúil le lanna le maotháin bhunacha ag gobadh ar cúl. Na bláthanna bídeach i spící scaoilte, 4 sheipeal, 4 pheiteal, iad uile corcra. An planda ceannasach ar ithreacha aigéadacha, fraochmhánna is riasca go minic. Is minic a fhásann fraoch in éineacht le fraochán.
Tá an fraoch mór in úsáid le fada an lá sa daonleigheas. Is antaiseipteán maith fuail é agus fualbhrostach éifeachtach atá ann. Sa leigheas traidisiúnta, déantar ceirín te leis chun fuachtáin a chóireáil. Is féidir insileadh de na buinneoga faoi bhláth a úsáid le cásacht, slaghdán, agus anoird duáin agus lamhnáin a chóireáil. As siocair gur planda glantacháin agus dithocsainithe atá ann, is féidir é a úsáid leis na scoilteacha, le hairtríteas agus le heasuan a chóireáil. Baintear úsáid as na craobhacha ar dhóigheanna éagsúla, mar shampla mar insliú, sa tuíodóireacht, sa chaoladóireacht, agus i ndéanamh rópaí agus scuab. Faightear ruaim bhuí ón bplanda agus tá an choirt mar fhoinse tainnine.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Calluna vulgaris” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-26.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Fraoch". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 286.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |