Frank Wilczek
Cuma
Fisiceoir teoiriciúil a saolaíodh ar an 9 Aibreán 1951 i Mineola, Nua-Eabhrac is ea Frank Wilczek. Sa bhliain 2004, le David Gross is David Politzer, bhuaigh sé Duais Nobel na Fisice as a shaothar taighde ar an bhfórsa núicléach láidir, agus an léiriú go bhfuil saoirse asamtóiteach i dteoiric an fhórsa láidir (crómaidinimic chandamach) is go méadaíonn an fórsa seo idir dhá chuarc de réir mar a bhogann siad amach óna chéile.[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Frank Wilczek". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 704.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |