François Villon

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

[...]

Beathaisnéis[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bás[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Villon i bPáras na Fraince in 1431 (an bhliain chéanna a loscadh Jeanne d'Arc ag an stáca. Tá foinse amháin ann a luann dáta i bhfad níos déanaí le haghaidh lá a bhreithe i.e. 19 Aibreán 1432.

Luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ceaptar gurbh fhéidir gurbh é François de Mortcorbier nó François de Loges an gnáthainm a tugadh air: feictear an dá ainm sin i ndoiciméid a scríobhadh iad le linn shaol Villon. Níor úsáid an file ainm ar bith ach amháin an t-ainm Villon ina shaothar féin, áfach, agus dhéanadh sé amhail go minic. Tuigtear gur cineál dírbheathaisnéis atá i gceist lena dhá bhailiúchán dánta, go hiondúil, go háirithe "Le Testament" (ar ar tugtar "Le grand testament" chomh maith). Tá sonraí eile faoina shaol ann a bhfuil fios againn fúthu as eolas atá ar fáil i gcomhaid chúirte agus as comhaid shibhialta eile.

De réir a chuid filíochta, dealraítear go raibh a mhuintir bocht nuair a bhí sé óg agus gurbh é athair altrama a thóg é, cé go raibh a mháthair fós beo nuair a bhí sé tríocha bliain d'aois. Ba é an t-ainm a ghlac sé leis nó ainm a athar altrama, Guillaume de Villon, ar shéiplíneach Eaglais choláisteach Saint-Benoit-le-Bétourné é agus ollamh sa dlí canónach agus a thóg an file faoina chúram. De réir François, bhí gaol an-dlúth eatarthu, níos dlúite fiú "ná an gaol sin a bhíonn idir athair agus mac."

Mac Léinn[cuir in eagar | athraigh foinse]

Chuaigh Villon leis an staidéar sna healaíona agus é fós óg, timpeall dhá bhliain déag d'aois fiú, ceaptar. Bhain sé céim bhaitsiléara amach ó Ollscoil Pháras in 1449, agus ansin céim mháistir in 1452. Níl faic na fríde d'eolas againn faoi don tréimhse ama idir sin agus 1455. Mar a scríobh údar Chiclipéid Brittanica 1911, "rinneadh iarrachtaí uaireanta, mar is nós a dhéanamh i cumadh beathaisnéiseanna ó am go ham, tuairimíocht a dhéanamh nár cheart, chun an bearna feasa seo a líonadh, agus tuairim a chur isteach ar cad a shamhlaítear go ndéanfadh an té a raibh dúil aige sa saol Bóheimeach agus a bhí díreach tar éis a céim ollscoile a bhaint amach, ach den chuid is mó, níl ciall ar bith sa tuairimíocht sin."

Gníomhaíochtaí coiriúla ar cuireadh ina leith iad[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tharla an chéad eachtra mhór dá shaol a bhfuil taifead déanta de ar an 5 Meitheamh 1455. Bhí sé i gcuideachta sagairt darbh ainm Gilles agus cailín darbh ainm Isabeau nuair a bhuail sé le Jean le Hardi, máistir ealaíon as Breatain na Fraince, ar Rue Saint Jacques. Bhí le Hardi i gcuideachta sagairt chomh maith, Philippe Chermoye (nó Sermoise, nó Sermaise). Thosaigh an dá bhaicle ag streachailt a chéile, taispeánadh miodóga agus ní amháin go bhfuair Sermaise, ar cuireadh ina leith gur bhagair sé ar Villon agus gur chaith sé an chéad bhuille, sá miodóige mar fhreagra air sin, ach buaileadh é le cloch chomh maith, agus leagadh é dá bharr. Fuair sé bás leis na créachtaí a fuair sé. Chuaigh Villon ar teitheadh agus gearradh pionós díbeartha air, pianbhreith ar tarchuireadh í in 1456 faoi phardún Rí Séarlas VII a scríobh sé i ndiaidh dó an dara cheann de dhá achainí a fháil ina ndearnadh an t-éileamh go raibh Sermoise tar éis maithiúnas a thabhairt do Villon sula bhfuair sé bás.

Tá dhá leagan dhifriúla den phardún ar fáil; i gceann amháin aithnítear an té a raibh an choir leagtha air mar " François de Loges, autrement de Villon" ("François des Loges, a tagraítear dó mar Villon d'uaireanta"), agus sa cheann eile mar " François de Montcorbier@. Chomh maith leis sin, deirtear gur inis sé don mháinlia a chóirigh an chneá dó gur "Michel Mouton" ab ainm dó. Ar a laghad, deimhníonn na doiciméid seo dáta a bhreithe, as tagairt a dhéanamh dó a bheith sé bliana is fiche d'aois nó mar sin de ag an am.

Timpeall aimsir na Nollag sa bhliain 1456 tharla briseadh-isteach i séipéal College de Navarre agus goideadh cúig chéad choróin óir de. Bhí baint éigin ag Villon leis an robáil seo agus creidtear go forleathan gur theith sé Páras tamaillín beag ina dhiaidh. Chomh maith leis sin, ceaptar gur thimpeall an t-am céanna a chum sé an saothar sin ar a dtugtar Le Petit Testament ("An Tiomna níos lú") nó Lais ("Uacht" nó "Tiomnacht"). Níor tugadh an robáil faoi deara go dtí mí an Mhárta den bhliain dár gcionn, agus ní go dtí mí na Bealtaine a tháinig na póilíní ar rian baicle ghadaithe ar mhic léinn iad, a bhuí sin leis an gcaint scaoilteach ar nós le duine den bhaicle sin, Guy Tabarie, a bheith ag déanamh. Bliain ina dhiaidh sin d'aistrigh Tabarie chun fianaise a thabhairt ar son an Rí agus chuir sé i leith Villon gurbh eisean ceann feadhna na droinge agus, thairis sin, gurbh í an chúis dó imeacht go hAngers nó cuid den chúis dó é dul ann ar a laghad, ná chun robálacha eile a bheartú ann. De chúis an choir seo nó de chúis choir eile, gearradh pionóis díbeartha ar Villon; ní dhearna sé aon iarracht filleadh ar Pháras. Bhí sé mar fhánaí ar feadh tréimhse cheithre bliana. Seans go raibh sé ina bhall de bhaicle gadaithe fanachta, díreach mar a bhí beirt dá chairde, Regnier de Montigny agus Colin des Cayeux.

Le Testament ("An Tiomna"), 1461[cuir in eagar | athraigh foinse]

[...]

Saothair[cuir in eagar | athraigh foinse]

Brollach[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ballades et poèmes diverses
Leathanach ó Villon s Le grand-testament ("An Tiomna Mór"). Kungliga biblioteket i Stócólm, an tSualainn.

Le Testament ("An Tiomna")[cuir in eagar | athraigh foinse]

Aistriúcháin[cuir in eagar | athraigh foinse]