Fraincis Shasana Nua
Cineál | teanga |
---|---|
Úsáid | |
Dúchasach do | Sasana Nua |
Aicmiú teangeolaíoch | |
teanga dhaonna teangacha Ind-Eorpacha teangacha Iodáilice teangacha Rómánsacha teangacha Rómánsacha Iartharacha teangacha Gall-Ibéaracha teangacha Gall-Rómánsacha Gallo-Rhaetian (en) teangacha Oïl an Fhraincis Fraincis Mheiriceánach | |
Linguasphere | 51-AAA-iid |
Canúint Fraincise atá nasctha leis an bhFraincis Cheanadach is ea Fraincis Shasana Nua (as Fraincis: Français de Nouvelle-Angleterre). De réir figiúirí ón mbliain 2015, labhraíonn thart ar 170,000 daoine Fraincis Shasana Nua agus na daoine sin ina gcónaí i Sasana Nua.
Tá Fraincis Shasana Nua ar cheann desna cineálacha Fraincise a tháinig chun cinn sa réigiún sin ar a dtugtar Stáit Aontaithe Mheiriceá anois. Is iad na cineálacha Fraincise eile atá á labhairt ann, nó a bhíodh á labhairt tráth, ná Fraincis Louisiana, Fraincis Missouri, atá ag dul in éag, Fraincis an Mhuscfhrancaigh agus Fraincis na Métis, nó an cineál Fraincise sin a bhíodh á labhairt agesna daoine de chine measctha. Má chuirtear an Fhraincis chaighdeánach as an áireamh, is í Fraincis Shasana Nua an sóirt Fraincise is forleithne i Sasana Nua - ach amháin i nGleann San Seáin, áit atá suite i dtuaisceart an chontae Aroostook, i Maine, ina bhfuil an Fhraincis Acadach níos láidre ná í.
Tar éis an Chéad Chogaidh Dhomhanda, do glacadh le dlíthe chun cosc oifigiúil a chur ar an dtumoideachas dátheangach lasmuigh de ranganna teangan amháin. Níos déanaí, sna blianta 1960 agus 1970, dheineadh scoileanna poiblí áirithe i Shasana Nua iarracht stop a chur le labhairt na Fraincise i measc mac léinn. Le blianta anuas, áfach, tá tóir úr tagtha ar ar an dteagasc dátheangach i Sasana Nua agus, ón mbliain 1987 ar aghaidh, do cuireadh scéimeanna nua ar bun chun cabhrú leis an modh teagaisc sin.[1] Ón mbliain 2010 amach, áfach, tá laghdú ag teacht ar an oideachas dátheangach agus ar mhúineadh teangacha eachtrannacha i gcoitinne, laghdú a bhfuil a rian le feiscint i líon na ndaoine óga a bhfuil Fraincis Shasana Nua ar a dtoil acu.[2][3] Fós féin, i gcathracha ar nós Lewiston, cuireadh scéimeanna cultúir ar bun le déanaí atá dírithe go príomha ar dhaoine níos aosta a bhfuil an chanúint acu agus theifigh Afracacha ó thíortha ina labhraítear an Fhraincis.[4][5]
Frainciseoirí i ngach stát i Sasana Nua
[cuir in eagar | athraigh foinse]Stáit | Líon cainteoirí | % den daonra |
---|---|---|
Maine[6] | 63,610 | 5.29% |
New Hampshire[6] | 39,545 | 3.41% |
Vermont[6] | 14,600 | 2.54% |
Oileán Rhode[6] | 19,345 | 1.97% |
Massachusetts[6] | 84,035 | 1.41% |
Connecticut[6] | 41,965 | 1.32% |
Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- [1] Curtha i gcartlann 2013-08-15 ar an Wayback Machine
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Ammon et International Sociological Association, "Status and Function of Languages and Language Varieties", Walter de Gruyter, 1989, ll. 306–308 (ISBN 978-0-89925-356-5).
- ↑ Pendleton, Jr., Smith, Berry, Ramirez, Ruckshaus, Saltzman et Hoff, "Franco-Americans in Vermont; A Civil Rights Perpsective", Vermont Advisory Committee to the United States Commission on Civil Rights, Bealtaine 1983 (OCLC 123220631)
- ↑ "French is dying in Northern Main. Here's why.", News Center Maine, Portland, Maine, an 30ú lá d'Aibreán 2019
- ↑ Fillak, "In Maine, French Culture Experiences a Revival", sur Frenchly, New York, French Morning Media Group, an 7ú lá de Lúnasa 2018.
- ↑ Louder, Le Québec et les francophones de la Nouvelle-Angleterre, Université Laval, ll. 70-77
- ↑ 6.0 6.1 6.2 6.3 6.4 6.5 "Language Spoken at Home by Ability to Speak English for the Population 5 Years and Over (B16001): All States Within United States, 2008-2012 American Community Survey 5-Year Estimates". U.S. Census Bureau American FactFinder. Dáta rochtana: Aibreán 21, 2014.