Fraincis Shasana Nua

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Infotaula de llenguaFraincis Shasana Nua
Cineálteanga
Úsáid
Dúchasach doSasana Nua
Aicmiú teangeolaíoch
teanga dhaonna
teangacha Ind-Eorpacha
teangacha Iodáilice
teangacha Rómánsacha
teangacha Iodál-Iartharacha
teangacha Rómánsacha Iartharacha
teangacha Gall-Ibéaracha
Gallo-Romance (en) Aistrigh
Gallo-Rhaetian (en) Aistrigh
teangacha Oïl
an Fhraincis
Fraincis Mheiriceánach
Linguasphere51-AAA-iid

Canúint Fraincise atá nasctha leis an bhFraincis Cheanadach is ea Fraincis Shasana Nua (as Fraincis: Français de Nouvelle-Angleterre). De réir figiúirí ón mbliain 2015, labhraíonn thart ar 170,000 daoine Fraincis Shasana Nua agus na daoine sin ina gcónaí i Sasana Nua.

Tá Fraincis Shasana Nua ar cheann desna cineálacha Fraincise a tháinig chun cinn sa réigiún sin ar a dtugtar Stáit Aontaithe Mheiriceá anois. Is iad na cineálacha Fraincise eile atá á labhairt ann, nó a bhíodh á labhairt tráth, ná Fraincis Louisiana, Fraincis Missouri, atá ag dul in éag, Fraincis an Mhuscfhrancaigh agus Fraincis na Métis, nó an cineál Fraincise sin a bhíodh á labhairt agesna daoine de chine measctha. Má chuirtear an Fhraincis chaighdeánach as an áireamh, is í Fraincis Shasana Nua an sóirt Fraincise is forleithne i Sasana Nua - ach amháin i nGleann San Seáin, áit atá suite i dtuaisceart an chontae Aroostook, i Maine, ina bhfuil an Fhraincis Acadach níos láidre ná í.

Tar éis an Chéad Chogaidh Dhomhanda, do glacadh le dlíthe chun cosc oifigiúil a chur ar an dtumoideachas dátheangach lasmuigh de ranganna teangan amháin. Níos déanaí, sna blianta 1960 agus 1970, dheineadh scoileanna poiblí áirithe i Shasana Nua iarracht stop a chur le labhairt na Fraincise i measc mac léinn. Le blianta anuas, áfach, tá tóir úr tagtha ar ar an dteagasc dátheangach i Sasana Nua agus, ón mbliain 1987 ar aghaidh, do cuireadh scéimeanna nua ar bun chun cabhrú leis an modh teagaisc sin.[1] Ón mbliain 2010 amach, áfach, tá laghdú ag teacht ar an oideachas dátheangach agus ar mhúineadh teangacha eachtrannacha i gcoitinne, laghdú a bhfuil a rian le feiscint i líon na ndaoine óga a bhfuil Fraincis Shasana Nua ar a dtoil acu.[2][3] Fós féin, i gcathracha ar nós Lewiston, cuireadh scéimeanna cultúir ar bun le déanaí atá dírithe go príomha ar dhaoine níos aosta a bhfuil an chanúint acu agus theifigh Afracacha ó thíortha ina labhraítear an Fhraincis.[4][5]

Guy saill ag labhairt Fraincis Shasana Nua

Frainciseoirí i ngach stát i Sasana Nua[cuir in eagar | athraigh foinse]

Stáit Líon cainteoirí % den daonra
Maine[6] 63,610 5.29%
New Hampshire[6] 39,545 3.41%
Vermont[6] 14,600 2.54%
Oileán Rhode[6] 19,345 1.97%
Massachusetts[6] 84,035 1.41%
Connecticut[6] 41,965 1.32%

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Ammon et International Sociological Association, "Status and Function of Languages and Language Varieties", Walter de Gruyter, 1989, ll. 306–308 (ISBN 978-0-89925-356-5).
  2. Pendleton, Jr., Smith, Berry, Ramirez, Ruckshaus, Saltzman et Hoff, "Franco-Americans in Vermont; A Civil Rights Perpsective", Vermont Advisory Committee to the United States Commission on Civil Rights, Bealtaine 1983 (OCLC 123220631)
  3. "French is dying in Northern Main. Here's why.", News Center Maine, Portland, Maine,‎ an 30ú lá d'Aibreán 2019
  4. Fillak, "In Maine, French Culture Experiences a Revival", sur Frenchly, New York, French Morning Media Group, an 7ú lá de Lúnasa 2018.
  5. Louder, Le Québec et les francophones de la Nouvelle-Angleterre, Université Laval, ll. 70-77
  6. 6.0 6.1 6.2 6.3 6.4 6.5 "Language Spoken at Home by Ability to Speak English for the Population 5 Years and Over (B16001): All States Within United States, 2008-2012 American Community Survey 5-Year Estimates". U.S. Census Bureau American FactFinder. Dáta rochtana: Aibreán 21, 2014.