Jump to content

Fréamhacha (scannán)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí ScannáinFréamhacha
Buneolas
StiúrthóirAislinn Clarke (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhcharachtair
LéiriúDermot Lavery (en) Aistrigh agus Pat O'Neill Cuir in eagar ar Wikidata
Mionsonraí
Tír bhunaidhÉire Cuir in eagar ar Wikidata
Céadléiriú9 Lúnasa 2024 Cuir in eagar ar Wikidata
Fad ama103 min Cuir in eagar ar Wikidata
Bunteangaan Ghaeilge Cuir in eagar ar Wikidata
Cur síos
Seánrascannán uafáis, scannán drámaíochta agus psychological horror film (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata

IMDB: tt27828550 Rottentomatoes: m/frewaka Cuir in eagar ar Wikidata


Scannáin uafáis Gaeilge é Fréamhacha ar bhaist Variety a ‘Rattling Irish Horror’ air i ndiaidh a sheoladh domhanda ag Féile Scannán Locarno i mí Lúnasa na bliana 2024.[1] Saothar é seo a scríobh agus a stiúraigh Aislinn Clarke agus atá dírithe ar an oibrí cúraim Shoo (Clare Monnelly) atá ag tabhairt aire do Pheig (Bríd Ní Neachtain). Feictear ann piseoga, fuadaigh agus uafáis an ama atá caite ag teacht go barr uisce.[1]

Mná uilig atá i bhfoireann aisteoirí an scannáin Ghaeilge seo arna scríobh ag agus faoi stiúir Aislinn Clarke. I measc na n-aisteoirí sin tá Clare Monnelly (Doineann, Moone Boy), Bríd Ní Neachtain (Banshees of Inisherin, Róise & Frank), agus an t-aisteoir Úcránach Aleksandra Bystrzhitskaya (F20).

Is í an t-oibrí cúraim Shoo (Monnelly) croí scéal an scannáin. Cuirtear Shoo ag obair i sráidbhaile scoite ina labhraítear Gaeilge chun aire a thabhairt do bhean a bhfuil faitíos uirthi a teach a fhágáil (Ní Neachtain). Tá faitíos freisin uirthi roimh na comharsana agus roimh na Sídhe, neacha scáfara ón mbéaloideas a gcreideann sí a d’fhuadaigh í féin blianta fada roimhe sin. De réir mar a fhásann dlúthchairdeas eatarthu, bíonn Shoo ite ag paranóia, deasghnátha agus piseoga na seanmhná, agus ar deireadh thiar tugann sí aghaidh ar na huafáis a tharla ina saol féin.

Arna léiriú ag Dermot Lavery do DoubleBand Films (Doineann) agus ag Patrick O’Neill do Wildcard, maoiníodh an scannán faoin scéim Cine4, le tacaíocht ó TG4, Fís Éireann, Coimisiún na Meán, agus Alt 48, an scéim chéanna faoinar maoiníodh an scannán Gaeilge An Cailín Ciúin, a fuair ainmniúchán ag Gradaim Oscar. Comhlacht léiriúcháin a bhfuil gradaim bainte amach aige is ea DoubleBand Films atá lonnaithe i mBéal Feirste agus a bhfuil dea-theist air le 30 bliain anuas as cláir fhíorasacha agus príomhscannáin d’ardchaighdeán a dhéanamh ina bhfuil scéalaíocht shainiúil.

Máire Ní Chonláin, Eagarthóir Coimisiúnaithe TG4: “Is iontach an mórtas atá ar TG4 tacú le ‘FRÉAMHACHA’, scannán a thugann ardán do thraidisiún shaibhir scéalaíochta na hÉireann ach chomh maith leis sin a leagann béim ar chumhacht na Gaeilge sa scannánaíocht chomhaimseartha. Tá scannán uaibhreach agus iontach corraitheach cruthaithe ag Aislinn Clarke agus a foireann d’aisteoirí cumasacha, scannán a chreidimid a mheallfaidh lucht féachana ag Locarno agus níos faide i gcéin. Tá ríméad orainn go bhfuiltear ag tabhairt aird ar an scannán Gaeilge seo go hidirnáisiúnta, is ceart sin, agus táimid ag súil go mór leis an tionchar a bheidh aige ar phobail scannánaíochta na hÉireann agus ar fud an domhain a bhrath.”

New Europe Film Sales atá i mbun díolacháin idirnáisiúnta don scannán. Eiseoidh Wildcard Distribution an scannán i bpictiúrlanna na hÉireann sa bhliain 2025.[2]