Forógra na gCumannach (1848)
Das Kommunistische Manifest | |
---|---|
Cineál | saothar scríofa |
Tír | Cónaidhm na Gearmáine agus an Ríocht Aontaithe |
Teanga | an Ghearmáinis |
Seánra | political manifesto (en) |
Príomhábhar | páirtí cumannach, communist revolution (en) , an sóisialachas agus cumannachas |
Leathanaigh | 73 |
Stíl | Marxachas |
Dáta foilsithe | 21 Feabhra 1848 |
Údar | Karl Marx agus Friedrich Engels |
Obair iomlán | Téacs iomlán |
Foilsíodh Forógra Pháirtí na gCumannach nó Forógra na gCumannach, le Karl Marx agus Friedrich Engels ar 21 Feabhra 1848.
Foilsíodh é gan ainm i dtosach, toisc go raibh lucht a scríofa faoi bhrú. I Londain a foilsíodh é agus i nGearmáinis amháin ar dtús. Tháinig aistriúchán Béarla amach sa bhliain 1850.
D'fhoilsigh Páirtí Cumannach na hÉireann aistriúchán Gaeilge sa bhliain 1986.[1][2]
1848
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tugtar Bliain na Réabhlóidí ar an mbliain 1848, mar gur tharla ceannaircí agus réabhlóidí go leor ann a d'fhág formhór Iarthar na hEorpa ina cíor tuathail.
D'eisigh Marx agus Engels "Éilimh Pháirtí Cumannach na Gearmáine" ó Pháras i mí an Mhárta 1848. Sa phaimfléad cuireadh réimse leathan éileamh chun cinn; aontú na Gearmáine, vótáil chomhchoiteann, díothú na ndualgas feodach, agus spriocanna den chineál céanna is a bhí ag na meánaicmí.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Bliain na Réabhlóidí, 1848
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ "Clar Na Comharsheilbhe - Forogra na gCumannach le Karl Marx agus Friedrich Engels". Connolly Books. Dáta rochtana: 2022-02-22.
- ↑ Seosamh Ó Murchú (1987). "Review of Clár na Comharsheilbhe: Forógra na gCumannach". Comhar, ar fáil ar jstor.org inniu 46 (10): 36–37. doi: . ISSN 0010-2369.