Forghabháil Ghleann an Ruhr
| ||||
Cineál | forghabháil mhíleata | |||
---|---|---|---|---|
Cuid de | occupation of the Rhineland (en) | |||
Tréimhse | 11 Eanáir 1923 - 25 Lúnasa 1925 | |||
Suíomh | Ruhr, An Ghearmáin (en) | |||
Tír | Poblacht Weimar | |||
Ar 11 Eanáir 1923, tharla Forghabháil Ghleann an Ruhr nuair a chuir Príomh-Aire na Fraince Raymond Poincaré tús le hionradh ar Ghleann An Ruhr, réigiún ríthábhachtach i dtionsclaíocht na Gearmáine, mar chuid d’iarracht chun dlús a chur le haisíoc fhiacha cogaidh na Gearmáine.
Gabháil na bhFrancach ar an Ruhrgebiet
[cuir in eagar | athraigh foinse]I dtús na bliana 1923, d'fhorghabh arm na Fraince an ceantar tionsclaíoch chois Abhainn Ruhr, an Ruhrgebiet. Ba é ba chúis leis an oibríocht mhíleata seo ná go raibh an Ghearmáin chun deiridh ag íoc éiric chogaidh leis an bhFrainc. Cháin an Bhreatain an beart.
D'áitigh an rialtas Gearmánach ar mhuintir an cheantair frithbheartaíocht shíochánta a dhéanamh: dul ar stailc, gan freastal ar chustaiméirí Francacha, agus a leithéid.
Ar ndóigh, chuaigh na náisiúnaithe ní b'fhaide ná sin, agus iad ag dul le sabaitéireacht agus fiú le sceimhlitheoireacht mhionscála.
Chloígh na Francaigh gach sórt frithbheartaíocht le lámh láidir, agus maraíodh breis is céad duine. Le rabhadh a thabhairt do na Gearmánaigh, chuir na Francaigh an mac léinn óg Albert Leo Schlageter chun báis mar loitiméir is mar spiaire, agus gaireadh mairtíreach náisiúnta de sa Ghearmáin.