Dearbhú Schuman

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Forógra Schuman)
Jump to navigation Jump to search
Robert Schuman

Is éard é Dearbhú Schuman ná moladh a rinne Aire Gnóthaí Eachtracha na Fraince, de thuras na huaire, Robert Schuman, go dtabharfaí tionscail guail agus cruach na Fraince agus na Gearmáine le chéile faoin aon Ard-Údarás comhpháirteach amháin.[1][2]

Meastar moladh Schuman mar thús an tionscadail as ar fhás an tAontas Eorpach.[3] Mhol Schuman go gcruthófaí Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach (CEGC), a gcomhthiomsódh a mbaill táirgeadh an ghuail is na cruach, agus a dhéanfadh cogaí amach anseo dodhéanta, agus agus síocháin bhuan slán.[4][5] Beagán faoi bhun bliana ina dhiaidh sin síníodh conradh lenar cruthaíodh institiúid dá leithéid.

Ar ndóigh bhí láimh ag daoine eile i ndréachtú an fhorógra, go suntasach Jean Monnet, Paul Reuter agus Bernard Clappier. Ag teacht as an moladh seo, cruthaíodh an CEGC, atá anois mar an tAontas Eorpach (AE).

Ba ar an 9ú lá de Bhealtaine 1950 a rinneadh an forógra[6]. Déantar cothrom an lae sin a cheiliúradh inniu mar Lá na hEorpa. Meastar Schuman, a bhuíochas don dhearbhú, a bheith ar dhuine de Bhunaitheoirí na hEorpa.

Leagan Gaeilge den Dhearbhú[7][cuir in eagar | athraigh foinse]

Gan iarrachtaí ar chomhmhéid leis na contúirtí atá ag bagairt uirthi, ní féidir an tsíocháin dhomhanda a choimeád slán.

Níl aon dul thar an méid atá ar chumas na hEorpa, ach í a bheith eagraithe agus beo, a thabhairt do chaomhnú an chaidrimh shíochánta. Seirbhís na síochana mar aidhm bhunúsach a spreag an Fhrainc i gcónaí chun a bheith ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí le 20 bliain anuas chun an Eoraip a aontú. Níor baineadh Eoraip aontaithe amach agus bhí cogadh againn. Ní láithreach bonn, nó de réir phlean aonair, a dhéanfar an Eoraip. Trí éachtaí nithiúla, a chruthaíonn dlúthpháirtíocht de facto ar dtús, a thógfar í.

Chun náisiúin na hEorpa a thabhairt le chéile, ní mór ar dtús an seanfhreasúra idir an Fhrainc is an Ghearmáin a dhíothú. Ag baint leis an dá thír seo i dtús báire a chaithfidh aon ghníomhú a bheith. Ar son an chuspóra seo, molann Rialtas na Fraince go ngníomhófaí láithreach ar phointe amháin, atá teoranta ach cinntitheach.

Comóradh 50 bliain


Molann sé go gcuirfí táirgeadh Franc-Ghearmánach an ghuail is na cruach ar fad faoi chomh-Ard-Údarás, laistigh de chreat eagraíochta a bheidh ar oscailt do rannpháirtiú na dtíortha Eorpacha eile. Ba chóir go dtabharfadh comhthiomsú seo na táirgeachta guail agus cruach deis láithreach chun comhfhothaí don fhorbairt gheilleagrach a bhunú, mar chéad chéim i dtreo na cónaidhme Eorpaí. Athróidh sé cinniúintí na réigiún sin ar phríomhchúram dóibh le fada lón cogaidh a dhéanamh, agus iad féin mar na híospartaigh is buaine aige.


Soiléireoidh an dlúthpháirtíocht a bunaíodh mar seo nach amháin go mbeidh aon chogadh idir an Fhrainc is an Ghearmáin doshamhlaithe, ach dodhéanta ó thaobh ábhair. Leagfaidh bunú an aonaid tháirgeachta chumhachtaigh seo fíor-bhunsraith don aontú geilleagrach. Beidh sé oscailte do thíortha ar mian leo páirt a ghlacadh ann, agus beidh ceangal air ar deireadh buneilimintí na táirgeachta tionsclaíochta a chur ar fáil do na balltíortha uile ar na téarmaí céanna.


Tairgfear an táirgeadh seo don domhan ina iomláine gan idirdhealú ná eisceacht, d'fhonn cur le hardú an chaighdeáin mhaireachtála agus éachtaí síochána a chur chun cinn. Féadfaidh an Eoraip, le hacmhainní méadaithe, díriú ar cheann dá príomhchúraimí: forbairt mhór-roinn na hAfraice.

Sa tslí seo, réadófar go simplí agus go gasta an comhleá leasanna is gá chun comhchóras geilleagrach a bhunú; b'fhéidir gurb é an laibhín óna bhfásfadh comhphobal níos leithne agus níos doimhne idir thíortha a bhí le fada in adharca a chéile go fuilteach.


Tríd an mbuntáirgeadh a chomhthiomsú agus trí Ard-Údarás nua a bhunú, a gceanglóidh a chinntí an Fhrainc, an Ghearmáin agus na balltíortha eile, is é an toradh a bheidh ar an togra seo céad réadú nithiúil na cónaidhme Eorpaí is gá chun an tsíocháin a chaomhnú.

Chun baint amach na gcuspóirí a sainíodh a chur chun cinn, tá Rialtas na Fraince ullamh chun caibidlíocht a oscailt ar na boinn seo:

Beidh sé de chúram ar an gcomh-Ard-Údarás nuachóiriú na táirgeachta agus feabhsú a cháilíochta a bhaint amach chomh luath agus is féidir; gual agus cruach a sholáthar ar théarmaí comhionanna do mhargaí na Fraince is na Gearmáine, agus do mhargaí na mballtíortha eile; comhfhorbairt na n-onnmhairithe do thíortha eile; cothromú agus feabhsú choinníollacha maireachtála na n-oibrithe sna tionscail seo.

áit a rinneadh an dearbhú, Salon de l'Horloge,Quai d’Orsay, Páras


Chun na cuspóirí seo a bhaint amach, ag tosú ó na coinníollacha an-éagsúla ina bhfuil táirgeadh na mballtíortha faoi láthair, moltar roinnt beart idirthréimhseach, mar phlean táirgeachta is infheistíochta a chur i bhfeidhm, sásra cúitimh a bhunú d'fhonn praghsanna a ionannú, agus ciste um athstruchtúrú a chruthú chun cuíchóiriú na táirgeachta a éascú. Saorfar láithreach ó gach dleacht custaim gluaiseacht an ghuail is na cruach idir bhalltíortha, is ní bheidh rátaí éagsúla iompair i bhfeidhm uirthi. De réir a chéile cruthófar coinníollacha a fhoráilfidh astu féin do dháileadh níos réasúnta táirgeachta ag an leibhéal táirgiúlachta is airde.


Mar chodarsnacht le cairtéil idirnáisiúnta, a mbíonn claonadh iontu cleachtaí sriantacha a fhorchur ar dháileadh is ar shaothrú na margaí náisiúnta, agus ardbhrabús a choimeád, cinnteoidh an eagraíocht comhleá na margaí agus méadú na táirgeachta.


Beidh na bunphrionsabail agus gealltanais a sainíodh thuas mar ábhar ag conradh a shíneoidh na Stáit agus a chuirfear faoi bhráid a bparlaimintí lena dhaingniú.

Le cabhair eadránaí, a cheapfar de thoil a chéile, a thabharfar faoin gcaibidlíocht is gá chun sonraí na bhfeidhmeanna a shocrú. Beidh de chúram air a chinntiú gur de réir na bprionsabal a leagadh síos a bheidh na comhaontuithe a shroichfear, agus, i gcás leamhsháinne, cinnfidh sé cén réiteach a nglacfar leis.


Daoine neamhspleácha, a ainmneoidh na rialtais, le hionadaíocht chothrom, a bheidh mar bhaill den Chomh-Ard-Údarás ar a mbeidh cúram bainistíochta na scéime.

Roghnófar cathaoirleach de thoil a chéile idir na rialtais. Beidh cinntí an Údaráis inchurcha i bhfeidhm sa Fhrainc, sa Ghearmáin agus sna balltíortha eile. Beidh bearta cuí ann chun achomharc i gcoinne chinntí an Údaráis.

Creidiúnófar ionadaí ó na Náisiúin Aontaithe don Údarás, agus ordófar dó tuairisc phoiblí a dhéanamh do na Náisiúin Aontaithe faoi dhó sa bhliain, ag tabhairt cuntais ar oibriú na heagraíochta nua, go háirithe sa mhéid a bhaineann lena cuid cuspóirí a choimeád slán.

Salon de l'Horloge,Quai d’Orsay, Páras

Beidh bunú an Ard-Údaráis go hiomlán gan dochar do mhodhanna úinéarachta gnóthas.

Agus a fheidhmeanna á chomhlíonadh aige, cuirfidh an tArd-Údarás san áireamh na cumhachtaí a bronnadh ar Údarás Idirnáisiúnta an Ruhr agus na hoibleagáidí de gach cineál a leagadh ar an nGearmáin, chomh fada is a bheidh siadsan i bhfeidhm.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. "Stair an Aontais Eorpaigh | COGG" (ga-GA). Dáta rochtana: 2021-05-10.
  2. Físeán (i bhFraincis) (2021-05-03). "Déclaration Schuman : le texte intégral et la vidéo" (fr-FR). Touteleurope.eu. Dáta rochtana: 2021-05-10.
  3. Aontas Eorpach (2016-06-16). "Lá na hEorpa" (en). an tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 2021-05-10.
  4. Bhí an CEGC i 1951 (baill-bunaitheoirí: an Fhrainc, an Ghearmáin Thiar, an Iodáil, an Ísiltír, an Bheilg agus Lucsamburg) ar an gcéad cheann de shraith institiúidí Eorpacha fornáisiúnta as a d'eascródh "Aontas Eorpach" an lae inniu.
  5. "Irish EU Presidency, An AE arna Mhíniú : Clocha Míle AE". www.eu2013.ie. Dáta rochtana: 2021-05-10.
  6. i Salon de l'Horloge,Quai d’Orsay, Páras
  7. An tAontas Eorpach (9 Bealtaine 1950). "Dearbhú Schuman – 9 Bealtaine 1950" (ga). an tAontas Eorpach. Dáta rochtana: 2021-05-09.