Fondúireacht (ficsean eolaíochta)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí LeabharFondúireacht
(en) Foundation series Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálsraith úrscéalta Cuir in eagar ar Wikidata
Cárta innéacs
ÚdarIsaac Asimov Cuir in eagar ar Wikidata
FoilseachánStáit Aontaithe Mheiriceá
FoilsitheoirGnome Press (en) Aistrigh, Bantam Spectra (en) Aistrigh agus Doubleday
Le cuidFoundation
Foundation and Earth
Prelude to Foundation
Foundation’s Edge
Foundation and Empire (en) Aistrigh
Second Foundation
Forward the Foundation Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Príomhábharpsychohistory (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Seánraficsean eolaíochta Cuir in eagar ar Wikidata
Ar siúl i gcruinne ficseanúilFoundation universe (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid den tsraith
Galactic Empire (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Fundúireacht: sraith iomlán

Coincheap ficsin eolaíochta is ea an Fhondúireacht a rith le hIsaac Asimov thiar sna daichidí. Go bunúsach, tá na scéalta faoin bhFondúireacht ag déanamh aithrise ar mhórshaothair staraíochta ina bpléitear stair iomlán na sibhialtachta agus na línte móra is na claontachtaí móra a bhfuil sí á bhforbairt dá réir. D'imir, mar shampla, The History of the Decline and Fall of the Roman Empire le Edward Gibbon an-tionchar ar an bhFondúireacht.

An Fhondúireacht féin, is institiúid eolaíochta í atá bunaithe ag an staraí agus an matamaiticeoir Hari Seldon ar an bpláinéad beag dearóil úd Terminus ar imeall Bhealach na Bó Finne le heolas iomlán an chine dhaonna a thiomsú in aon chiclipéid amháin, ar eagla go ligfí i ndearmad é.

D'fhoilsigh Asimov an chéad ghearrscéal sa tsraith ar an iris ficsin eolaíochta úd Astounding sa bhliain 1942. San am sin, ní raibh ann ach mac léinn óg bithcheimice. Ní raibh i gceist, go bunúsach, ach sraith ghearrscéalta a bhí á ceangal le chéile ag comhthéama, ach nuair a tháinig an tsraith amach faoi chlúdach leabhar, rinneadh tríológ di agus díoladh mar shraith d'úrscéalta í. Scríobh Asimov scéal amháin le haghaidh na leabhar leis na scéalta eile a nascadh dá chéile níos dlúithe.

Tá trí leabhar sa tsraith bhunúsach, agus na scéalta seo leanas iontu:

  • Foundation ("An Fhondúireacht", foilsithe ag Gnome Press sa bhliain 1951)
The Psychohistorians ("Na Síceastaraithe"). Níor fhoilsigh an tAstounding an scéal seo riamh, nó níor scríobh Asimov é ach le haghaidh an leabhair.
The Encyclopedists ("Na Ciclipéideoirí"). Foilsíodh an chéad leagan den scéal seo ar an Astounding i Mí na Bealtaine sa bhliain 1942 faoin teideal Foundation ("An Fhondúireacht").
The Mayors ("Na Méaraí"). Foilsíodh an chéad leagan den scéal seo ar an Astounding i Mí an Mheithimh sa bhliain 1942 faoin teideal Bridle and Saddle ("An Srian agus an Diallait").
The Traders ("Na Tradalaithe"). Níor foilsíodh an ceann seo an chéad uair ach i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain 1944, nó scríobh Asimov i ndiaidh The Merchant Princes é. Is é an teideal a bhí air ar an AstoundingThe Wedge ("An Ding").
The Merchant Princes ("Na Prionsaí Tradála"). Foilsíodh an ceann seo i Mí Lúnasa sa bhliain 1944, faoin teideal The Big and the Little ("Na Móra is na Beaga").
  • Foundation and Empire ("An Fhondúireacht agus an Impireacht", foilsithe ag Gnome Press sa bhliain 1952)
The General ("An Ginearál"). Foilsíodh an ceann seo an chéad uair i Mí Aibreáin sa bhliain 1945, faoin teideal Dead Hand ("An Lámh Mharbh").
The Mule ("An Mhiúil"). Scoilteadh an scéal seo ina dhá leath le haghaidh a fhoilsithe ar an Astounding, agus chuaigh sé i gcló ar eagráin Mhí na Samhna agus Mhí na Nollag den iris, sa bhliain 1945.
  • Second Foundation ("An Dara Fondúireacht", foilsithe ag Gnome Press sa bhliain 1953)
Search by the Mule ("An Mhiúil á Lorg"). Foilsíodh an scéal seo an chéad uair i Mí Eanáir sa bhliain 1948 faoin teideal Now You See It - ("Tá tú á fheiceáil anois -")
Search by the Foundation ("An Fhondúireacht á Lorg"). D'fhoilsigh an Astounding an scéal seo ina thrí chuid, ó Mhí na Samhna 1949 go Mí Eanáir 1950, faoin teideal - And Now You Don't ("- ach níl tú á fheiceáil anois a thuilleadh").

(foinse do stair fhoilsithe na scéalta: aiste le John Pez ar an suíomh gréasáin úd Asimov Online[1])


Foundation - an chéad leabhar sa tríológ[cuir in eagar | athraigh foinse]

Hari Seldon ar Trantor[cuir in eagar | athraigh foinse]

I dtús an chéad leabhar faoin bhFondúireacht, Foundation, feictear príomhphláinéad Bhealach na Bó Finne, Trantor, trí shúile an mhatamaiticeora óig Gaal Dornick, agus é díreach ag teacht ó na cúlriasca le dul i mbun taighde faoi stiúradh Hari Seldon. Tá Hari Seldon ag baint úsáide as an matamaitic le hiompraíocht na sluaite síoraí ar fud Bhealach na Bó Finne a thuar agus le himeachtaí na staire a oibriú amach roimh ré - "síceastaraíocht" a thugtar ar an mbrainse eolaíochta seo. Fear neamhpholaitiúil eolaíochta é Dornick, agus sceitimíní air roimh an saol nua ar Trantor. Is é an rud a fhaigheann sé roimhe, áfach, ná achrann polaitíochta atá torthaí taighde Seldon a tharraingt anuas ar Impireacht Bhealach na Bó Finne. Tá Seldon ag tairngreacht meath agus léirscrios don Impireacht, agus na maithe is na móruaisle ag éirí míshásta nó buartha dá réir. Sa deireadh, díbrítear Seldon agus lucht a leanúna go dtí Terminus, áit a bhféadann siad a gcuid eolaíochta a fhorbairt mar is rogha leo, beag beann ar na trioblóidí polaitiúla ar Trantor, agus torthaí taighde na nglúnta a bhí ann rompu a bhailiú i gciclipéid mhillteanach, mar atá, Encyclopaedia Galactica nó Ciclipéid na Bó Finne. Bunaítear Fundúireacht na Ciclipéide ar Terminus, ach deir Seldon go bhfuil fundúireacht eile bunaithe freisin, "sa cheann eile den réaltra, áit ar a dtugtar Deireadh na Réaltaí".

Cur síos ar na himeachtaí seo is ea an chéad scéal, The Psychohistorians ("Na Síceastaraithe"), sa leabhar Foundation.

Salvor Hardin[cuir in eagar | athraigh foinse]

De réir a chéile, cailleann an Impireacht a greim ar na pláinéid ar imeall an réaltra, agus tagann ríochtaí áitiúla ina háit. Maireann na heolaithe ar Terminus cromtha ar a gcuid oibre gan a gcloigne a bhuaireamh faoi Anacreon, ríocht láidir nuabhunaithe atá ag santú Terminus mar ghabháltas nua. Is é Salvor Hardin, Ard-Mhéara Terminus City - an t-aon chathair amháin ar an bpláinéad, de réir dealraimh - an t-aon duine amháin a aithníonn an dainséar, ach níl a dhóthain údaráis pholaitiúil aige lena dhath a dhéanamh faoi. Tuigeann sé gur chóir do Terminus leas a bhaint as easaontas na ríochtaí beaga, le féachaint chuige nach ritheann le haon duine de na ríthe áitiúla pláinéad na Fondúireachta a ghabháil ná a ionsaí. Tá sé in ann an chumhacht a shealbhú ó na heolaithe ar Terminus féin.

Tá Terminus in ann a neamhspleáchas a choinneáil trí áirgí agus áiseanna ardteicneolaíochta a dhíol leis na ríochtaí. Ní nochtann muintir na Fondúireachta do mhuintir na Ríochtaí, áfach, gur gléasra teicneolaíochta atá i gceist, agus creidtear go coitianta, mar sin, gur draíodóireacht nó fórsaí neamhshaolta atá ann. Sa deireadh thiar thall, faigheann muintir na Fondúireachta go bhfuil siad á n-adhradh mar a bheadh déithe beaga iontu, agus tagann reiligiún eolaíochta ar an bhfód sna Ríochtaí.

Is iad na himeachtaí seo is ábhar do na scéalta The Encyclopedists agus The Mayors sa chéad leabhar den tsraith, Foundation.

Na Trádálaithe is na Prionsaí Trádála[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tá Terminus/An Fhondúireacht ag dul chun tábhachta mar tháirgeoir áiseanna ardteicneolaíochta. De réir mar atá cumhacht na hImpireachta ag cúlú ó fhorimeall an réaltra, tá an teicneolaíocht agus an eolaíocht féin ag dul in éag. Dá réir sin, tá na tradálaithe ag teacht ón bhFondúireacht ag díol a gcuid tráchtearraí, a bhíonn níos fearr ná déantúsáin na hImpireachta. Bheadh gach duine breá sásta leis seo, ach go bé go bhfuil reiligiún eolaíochta na Fondúireachta ag teacht sna sálaí ag na tradálaithe, rud a tharraingíonn trioblóid pholaitiúil, ós rud é go bhfuil ríthe agus ruirí na ríochtaí beaga ar an imeall in ann a thuiscint go mbaineann an reiligiún eolaíochta dá gcumhacht féin.

Sa scéal The Traders, feictear Limmar Ponyets, duine de thradálaithe na Fondúireachta, ag dul go hAskone le saoirse a bhaint amach d'Eskel Gorov, fear a chomhcheirde, a caitheadh i dtóin phríosúin ar an bpláinéad sin. Tá reiligiún dá gcuid féin ag muintir Askone, agus na sagairt ag diúltú glan don trádáil leis an bhFondúireacht, ó chreideann siad go bhfuil mallacht agus diabhal sna tráchtearraí - ar ndóigh, níl i gceist leis seo ach go bhfuil eagla orthu roimh an mant a bhainfeadh tionchar cultúrtha na Fondúireachta as a gcumhacht pholaitiúil féin ar Askone. Éiríonn le Ponyets, áfach, an dá chuid a dhéanamh, idir Gorov a shaoradh agus tús a chur leis an trádáil le hAskone.

Sa scéal The Merchant Princes, arís, castar trádálaí óg uaillmhianach orainn, fear arb ainm dó Hober Mallow. Caithfidh sé aghaidh a thabhairt ar Phoblacht Korell, nach bhfuil ann ach mionríocht eile ar an imeall, agus an tUachtarán - nó an Commdor, mar a thugtar air - Asper Argo ag rialú a chuid pláinéad le lámh láidir an deachtóra. Tá Argo drogallach i leith na Fondúireachta, ós rud é go bhfuil a fhios aige gur tháinig reiligiún eolaíochta na Fondúireachta go tiubh sna sálaí ag na ceannródaithe trádála ar Askone féin, agus nár fágadh mórán neamhspleáchais ag Askone ina dhiaidh sin. Anois, chuaigh ceal i gcúpla spáslong de chuid na Fondúireachta in aice le Korell, agus an chuma ar an scéal go bhfuil spásfhórsaí armtha Korell tar éis iad a ionsaí agus a dhíothú. Is é misean Mallow ná smúrthacht timpeall na háite le fáil amach, cá bhfaigheadh stát iargúlta tearcfhorbartha ar nós Korell ardteicneolaíocht a bheadh in ann bua a bhreith ar an bhFondúireacht.

Is cuma le Mallow faoin reiligiún, áfach. Fear gnó atá ann. Téann sé i bhfianaise an deachtóra le háitiú air nach bhfuil sé ach ag iarraidh airgead a shaothrú mar is dual d'aon fhear gnó, agus socraíonn sé conradh trádála le hAsper Argo féin le go mbeadh a chuid féin den bhrabús ag dul don Chommdor. Díolann sé gach cineál meaisíní agus gléasra ardfhorbartha le muintir Korell, ó ghiúirléidí ban a bhfuil loinnir agus glioscarnach ildaite iontu go trealamh mianadóireachta agus teilgcheártaíochta, agus san am céanna, faigheann sé amach go bhfuil Korell ag fáil cuidiú teicneolaíochta ón Impireacht, a bhfuil fágtha di. Ar a chamchuairt i dtimpeallacht Korell, tuirlingíonn sé ar Siwenna, a bhí ina phláinéad tábhachtach san Impireacht fadó. Anois, áfach, tá an áit ina smidiríní, agus foghlaimíonn Mallow ó fhear áitiúil arb ainm dó Barr go bhfuil polaitíocht na hImpireachta ina cíor thuathail. Tá an pláinéad léirscriosta de dheasca na dtrioblóidí, nó bíonn sé coitianta go bhfaigheann ginearál éigin de chuid an Impire an misean síocháin a chur ar bun in athuair ar phláinéad éigin, agus nach ndéanann sé ach an áit a chreachadh agus a muintir a fhoréigniú is a mharú, rud a d'éirigh do Siwenna féin.

Nuair a fhilleann Mallow abhaile, faigheann sé fáilte an fhealltóra. Tá sé den tuairim gur chóir an reiligiún eolaíochta a dhearmad agus trádáil a dhéanamh leis na ríochtaí eile gan an creideamh a bhrú anuas orthu. Tá polaiteoirí seanbhunaithe Terminus an-mhíshásta leis an dearcadh seo, agus iad ag déanamh a ndichill le Mallow a aithisiú. Mar sin féin, tagann Mallow slán as an gcruachás seo, agus vótálann muintir Terminus isteach é mar Ard-Mhéara - oifig arb ionann í anois agus Uachtaránacht na Fondúireachta. Is é Mallow an chéad trádálaí a thuill an oifig, agus mar sin, tugtar Prionsa Trádála air.

Foundation and Empire - an dara leabhar sa tríológ[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bel Riose[cuir in eagar | athraigh foinse]

Sa chéad scéal sa dara leabhar, tá an Impireacht ag bagairt ar Terminus. Tá ginearál óg uaillmhianach arb ainm dó Bel Riose míshásta leis an dóigh a bhfuil cumhacht na hImpireachta ag dul in éag in imeall an réaltra, agus é ag iarraidh na cúigí imeallacha a athghabháil. Leis an gcuspóir seo a bhaint amach, cuireann sé cogadh ar an bhFundúireacht. Maidir leis an Impire atá ag rialú Bhealach na Bó Finne faoin am seo, fear tinn breoite atá ann, agus na daoine atá ina thimpeall, tá siad sórt drochamhrasach faoi Riose. Tá an Fhondúireacht i gcruachás ceart agus spáslonga na hImpireachta á hionsaí, ach sa deireadh, cuireann an tImpire deireadh leis an ionradh, agus cuirtear Bel Riose chun báis, ós rud é go dtaibhsítear don Impire - nó dá rúnaí príobháideach Ammel Brodrig - go bhfuil an ginearál dírithe ar an Impireacht a bhaint amach dó féin.

The Mule[cuir in eagar | athraigh foinse]

Is é an Mhiúil pearsa lárnach an scéil seo. Faoin am seo, tá deireadh deifnídeach tagtha leis an Impireacht, cé go bhfuil a scáth beo i gcónaí, mar atá, dornán de phláinéid talmhaíochta atá á rialú ag an Impire ó Neotrantor, nó "Trantor Nua", pláinéad iargúlta inar shocraigh an rítheaghlach nuair a rinne spáschabhlach éigin creachadh ar shean-Trantor ar a chamchuairt.

Níl an saol ag éirí go rómhaith ag an bhFundúireacht ach an oiread, nó is é Indbur a Trí atá ina Ard-Mhéara san am seo. Is garmhac é don chéad Indbur a shealbhaigh an chumhacht le lámh láidir, agus níl mórán maithe sa gharmhac don obair seo. Tá na trádálaithe ag éirí bréan breoite den tsuíomh seo, agus iad ag ullmhú ceannairce ar an bhFundúireacht le gilde neamhspleách trádála a bhunú dóibh féin.

Ansin, áfach, tagann bagairt nua ar an saol, mar atá, an Mhiúil. Sóiteán atá ann a fuair cumhacht osnádúrtha intinne de thoradh athrú mírialta a chuid géinte, agus é in ann intinn na ndaoine eile a léamh agus a rialú le tréan a chuid smaointí amháin.

Second Foundation - an tríú leabhar sa tríológ[cuir in eagar | athraigh foinse]

Leabhair Eile[cuir in eagar | athraigh foinse]

Pearsana, Áiteanna, Coincheapanna[cuir in eagar | athraigh foinse]

  • Anacreon - ríocht thábhachtach (nó, maoirseacht thábhachtach) in aice le Terminus. Tá lucht rialtais Anacreon cogúil santach, agus iad ag iarraidh gabháltas a dhéanamh ar Terminus.
  • Ard-MhéaraMéara ("Mayor") - Ar Terminus, is ionann, go praiticiúil, oifig an Ard-Mhéara agus oifig an Uachtaráin. An chéad Ard-Mhéara a toghadh, mar atá, Salvor Hardin, chaith sé Bord na nIontaobhaithe i leataobh agus d'iompaigh sé oifig an Ard-Mhéara ina hUachtaránacht ó thaobh na gcumhachtaí de.
  • Argo, Asper - Uachtarán, nó Commdor, Phoblacht Korell.
  • Brodrig, Ammel - rúnaí príobháideach an Impire a bhí ag coinneáil súile ar fheachtas cogaidh Bel Riose in aghaidh na Fundúireachta.
  • Na Ceithre Ríochtaí: na mionríochtaí a bhí ag críochantacht le Terminus nuair a chuaigh cumhacht an Impire in éag. Níl sé soiléir cérb iad na ríochtaí seo. Is iad Anacreon agus Smyrno an dá cheann is mó acu. Luaitear Konom agus Daribow uair amháin in éineacht le Smyrno sa chéad chuid den tríológ, ach sa dara cuid, déantar trácht ar Loris nó Locris - ní raibh Asimov féin cinnte faoin gceartlitriú, de réir cosúlachta - mar cheann de na Ríochtaí. In áiteanna eile sa tríológ, tagraítear d'"fhíon Locris", agus an chuma ar an scéal gurbh é an fíon a thuill a chlú don phláinéad nó don ríocht seo.
  • Commdor a thugtar ar Uachtarán Phoblacht Korell.
  • Darell, Arcadia/Arkady - cailín óg, gariníon Bayta Darell, a chuaigh le scríbhneoireacht nuair a tháinig sí i mbun a méide.
  • Darell, Bayta - bean óg a rinne staidéar ar staraíocht go gairid sular tháinig an Mhiúil i seilbh Bhealach na Bó Finne. Bhí sí gníomhach i ngluaiseacht frithbheartaíochta na Fundúireachta a bhí ag cur in aghaidh an Ard-Mhéara Indbur. Duine dá cuid sinsear ab ea Hober Mallow. Bhí an carachtar seo bunaithe ar bhean chéile Asimov.
  • Darell, Toran - fear céile Bayta Darell. Bhí an carachtar seo bunaithe ar Asimov féin. Saolaíodh Toran Darell ar Haven, pláinéad a bhí ina lárionad mór trádála, agus cuid mhór de mhuintir an phláinéid ag trádáil le tráchtearraí ón bhFundúireacht. Bhí athair Toran ar dhuine acu a bhí ag iarraidh comhghuaillíocht na bpláinéad trádála a chur i dtoll le chéile in éadan na Fundúireachta, agus chuir sé Toran agus Bayta Darell go Kalgan le fáil amach, an bhféadfadh an chomhghuaillíocht sin cuidiú a fháil ón Miúil.
  • Hardin, Salvor - Ard-Mhéara Terminus City, príomhchathair Terminus. D'fhorghabh sé an chumhacht le lámh láidir ó Bhord na nIontaobhaithe agus chuir sé ar neamhní iarrachtaí Anacreon Terminus a ionsaí.
  • haut Rodric, Anselm - Leas-Mhaoirseach Pluema, duine de mhaithe agus de mhóruaisle Anacreon a tháinig ar cuairt oifigiúil ar Terminus le háitiú ar lucht rialtais na Fundúireachta toiliú le forlámhas Anacreon. Seasann "haut" an tsloinne don phór uasal, cosúil le "von" na Gearmáinise agus "de" na Fraincise agus na Spáinnise.
  • Indbur (nó Indbur a Trí) - bhí sé ina Ard-Mhéara ar Terminus City (agus, dá réir sin, ina cheann stáit ar an bhFondúireacht) sular fhorghabh an Mhiúil Terminus. Fuair sé an Ard-Mhéaracht mar oidhreacht óna athair, Indbur a Dó. Bhí gluaiseacht frithbheartaíochta, nó an Freasúra Daonlathach, ag déanamh uisce faoi thalamh in éadan Indbur, nó ní raibh siad sásta le monarc oidhreachtúil a bheith ag rialú na Fundúireachta.
  • Korell, nó Poblacht Korell. Seo an cur síos a thug Hober Mallow ar an áit: Thug mé cuairt ar an áit. Níl ann ach pluais francach. Is dócha gur féidir poblacht a thabhairt uirthi, cé gur fear dar sloinne Argo a vótáiltar isteach ina Chommdor i ngach toghchán. Agus an té nach bhfuil sásta leis sin, is dó is measa.
  • Mallow, Hober - tradálaí cumasach, nó Máistir Tradála, a shocraigh an chéad chonradh trádála le Poblacht Korell. Bhí sé ar an chéad Phrionsa Tradála, is é sin, tradálaí a vótáladh isteach mar Ard-Mhéara de bharr na seirbhísí a rinne sé dá phláinéad mar thradálaí.
  • maoirseacht (prefect) - cúige de chuid na hImpireachta. Nuair a chúlaigh cumhacht an Impire ó imeall an réaltra, bhain na maoirseachtaí saoirse agus neamhspleáchas amach, agus thosaigh siad ag cur cogaí ar a chéile, mar ríochtaí.
  • An Mhiúil: sóiteán a bhí in ann mothúcháin na ndaoine eile a athrú le fórsa a intinne féin agus a ndílseacht a mhealladh uathu ar an mbealach seo. Bhí sé in ann Bealach na Bó Finne ar fad a chur faoi chois leis an mbua seo, ach ní raibh fad saoil i ndán don ríocht seo, ó nach raibh an Mhiúil ábalta rítheaghlach nua a bhunú.
  • Pirenne, Lewis: eolaí a bhí i gceannas ar Bhord na nIontaobhaithe, go dtí gur bhain Salvor Hardin an chumhacht den Bhord le lámh láidir.
  • Riose, Bel: ginearál óg a rinne ionsaí ar fhorimeall Bhealach na Bó Finne agus é ag iarraidh an Fhondúireacht a chloí, ó shíl sé go raibh sí ag bagairt ar an Impireacht. Sa deireadh thiar thall, áfach, chaill an tImpire a mhuinín as Riose agus ghlaoigh sé abhaile é.
  • Smyrno - an dara ceann is cumhachtaí de na Ceithre Ríochtaí. Rugadh Hober Mallow ar Smyrno.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]