Inphléascadh fhomhuireán Titan
| ||||
Cineál | longbhriseadh timpiste loinge | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 18 Meitheamh 2023 | |||
Suíomh | wreck of the RMS Titanic (en) , uiscí idirnáisiúnta | |||
Tír | Ceanada agus Stáit Aontaithe Mheiriceá | |||
Cúis | inphléascadh | |||
Íospartach | Hamish Harding paisinéir Suleman Dawood (en) paisinéir Shahzada Dawood paisinéir Stockton Rush operator (en) Paul-Henri Nargeolet paisinéir | |||
Líon básanna | 5 | |||
Líon gortaithe | 0 | |||
Líon ar iarraidh | 0 (22 Meitheamh 2023) | |||
Líon na marthanóirí | 0 | |||
Meán cumarsáide | ||||
Mion-fhomhuireán ba ea an Titan, a phléasc san Atlantach Thuaidh, in aice le Talamh an Éisc (Ceanada), ar 18 Meitheamh 2023. Bhí an Titan ag tabhairt turas faoin raiceáil RMS Titanic nuair a gearradh an chumarsáid idir í agus lucht a stiúrtha ar bharr na farraige. Tharla inpléascadh tubaisteach is cosúil.
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Ar 23 Meitheamh 2023, aimsíodh píosaí den fhomhuireán ceithre chiliméadar faoin uisce agus leathchiliméadar ó ghualainn raiceáil an Titanic (atá 690 km amach ó chósta Thalamh an Éisc agus chomh fada síos le 3,800 méadar). Dealraíonn sé gur inphléasc cuasán brú an fhomhuireáin agus gur inphléasc an t-árthach go gairid tar éis di a bheith ligthe síos san uisce ag an long stiúrtha.[1]
Tharla an timpiste ar 18 Meitheamh. Bhraith gléasra sonóra Chabhlach na Stát Aontaithe troimpléasc sa limistéar farraige gar don Titanic ar an lá sin Ina theannta sin, bhí baoithe sonóra san uisce ar feadh cúpla lá sular aimsíodh smionagar an fhomhuireáin inné agus ní raibh aon torann mór ná troimpléasc braite acu i gcaitheamh an achair sin.
Cúlra
[cuir in eagar | athraigh foinse]B'é an comhlacht turasóireachta OceanGate Expeditions a d'eagraigh an turas. Reáchtálann an comhlacht turasanna go dtí dromchla na farraige timpeall an domhain Chosnaigh ticéad ar an Titan go dtí raiceáil an Titanic beagnach 250,000 euro.[2]
Ní raibh an Titan i gcruth maith farraige is cosúil. Ní bhfuair an soitheach Deimhniú Mhuiracmhainneachta riamh. Bhí an Titan déanta as snáithín carbóin, athchúrsáilte ó Boeing, rogha a tharraing conspóid.
Bhí an fear gnó, Stockton Rush, ar a chomhairle féin amháin. In uiscí idirnáisiúnta, bhí OceanGate in ann na rialacháin sábháilteachta a shárú.
B'iad an cúigear a bhí san fhomhuireán
- an toicí as an mBreatain Hamish Harding, 58 bliain;
- an fear gnó as an bPacastáin Shahzada Dawood, 48 bliain agus a mhac Sulaiman, 19;
- an taiscéalaí as an bhFrainc Paul-Henry Nargeolet, 77 bliain;
- agus bunaitheoir an chomhlachta ar leis an t-árthach, OceanGatem agus píolóta, Stockton Rush, 61 bliain.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2023-06-23). ""Inpléascadh tubaisteach" a bhain do mhion-fhomhuireán an Titan" (as ga).
- ↑ Conradh na Gaeilge, Londain (24 Meitheamh 2023). "Nuacht Mhall: (Ciarraí)" (ga-IE). Apple Podcasts. Dáta rochtana: 2023-06-24.
- ↑ Nuacht RTÉ (2023-06-20). "Mórchuardach fós ag dul ar mhion-fhomhuireán san Atlantach" (as ga-IE).