Folústeicneolaíocht
Cuma
Gaireas de chaidéil, píobáin, ceangail idir píobáin, ábhair shéalaithe, folústomhsairí, soithigh folúis agus eile, ar féidir leis folús a chruthú i soitheach le brú den bhilliúnú cuid de bhrú an atmaisféir. Baintear feidhm as chun brait thanaí miotal is neamh-mhiotal a dheascadh i gcomhair ionstraimí optúla is comhbhall leictreonach. Úsáidtear í freisin chun folúis a chruthú i bhfeadáin gha-chatóideacha is luasairí cáithníní, agus i gcomhair díhiodráitithe ag teocht íseal (siocreo).[1]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Hussey, Matt (2011). "Folústeicneolaíocht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 280.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |