Foirgneamh cliste

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Foirgneamh de nua-dhéanamh le hairíonna gníomhacha chun seasamh i gcoinne creathanna talún. Bíonn brathadóirí creatha ag áiteanna áirithe sa struchtúr. Nuair a fhuinnmhítear iad ag crith talún nó an ghaoth, gintear comharthaí leictreonacha a sheoltar chuig ríomhaire stiúrtha. Tiomáineann an ríomhaire córas hiodrálach a ghluaiseann mais mhór — ar bharr an struchtúir, mar shampla — i gcoinne treo gluaisne na creatha. Cothromaíonn an fhrithghluaisne seo an ghluaisne spreagtha, agus ar an tslí seo fanann an foirgneamh iomlán cobhsaí. Is malairt an beart gníomhach seo ar bheartanna eile chun cosaint mhaolaithe fhulangach a sholáthar, cosúil leis an struchtúr a dhéanamh i bhfad níos maisiúla doichte treise ná mar is gá, nó an struchtúr a thógáil ar stuáin rubair a fheidhmíonn mar adhartán faoin bhfoirgneamh chun creathanna a mhaolú.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Foirgneamh cliste". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 278.