Fódhla Ní Chuileagáin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Fodhla Ní Chuileagáin)
Infotaula de personaFódhla Ní Chuileagáin
Beathaisnéis
Breith1888
Bás1985
96/97 bliana d'aois
Áit chónaitheMelbourne
Teanga dhúchaisan Ghaeilge
Gníomhaíocht
TeangachaAn Ghaeilge

Gaeilgeoir agus gníomhaí polaitiúil ba ea Fódhla Ní Chuileagáin (Elizabeth Mary Quilligan) (1888 – 1985) agus í dlúthpháirteach i saol na nGael in Melbourne in Victoria na hAstráile.

Rugadh í ar 28 Márta 1888 do Catherine Mary McLaughlin agus do Thomas Quilligan, oibrí cairéil. Tháinig a hathair ó Chontae Luimnigh in aois a cheithre bliana déag agus tháinig a máthair ó Chontae na Mí lena muintir nuair a bhí sí dhá bhliain d’aois.

Bhí Gaeilge ar a toil ag Fódhla agus bhí baint aici leis an William Rooney Gaelic Society in Melbourne.

Phós sí Proinsias Mac Eoghain sa bhliain 1916 agus bhí siad dlúthpháirteach i gcúrsaí cultúir agus polaitíochta in Melbourne le fada an lá. Rugadh ceathrar clainne dóibh ach cailleadh an chéad duine acu ina leanbh. Ba haitéir í Fódhla agus is minic a chaitheadh sí toradh a ceirde.

Sa bhliain 1915 chuaigh sí chun argóinte san Advocate (nuachtán Caitliceach) ar cheist neamhspleáchas na hÉireann le Morgan Jageurs, tacadóir mór Home Rule. Thaobhaigh Fódhla le Sinn Féin agus d’fhan ar an aigne sin ar feadh a saoil. Gabhadh í Lá Fhéile Pádraig 1961 le scata eile as ábhar de chuid Óglaigh na hÉireann a scaipeadh i lár chathair Melbourne. Bhí sí seacht mbliana is seachtó ag an am. Bhíodh sí i láthair ag comóradh Luan Cásca i Mór-Reilig Melbourne gach bliain.

Cailleadh í ar 21 Nollaig 1985 agus í seacht mbliana is nócha d’aois.

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Noone, Val (2012). Hidden Ireland in Victoria, lch 112. Ballarat Heritage Services. ISBN 978-1-876478-83-4

Naisc[cuir in eagar | athraigh foinse]

Liosta stairiúil lucht Gaeilge san Astráil