Fluaracarbóin

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search

Comhdhúile carbóin is fluairín. Is é teitreafluaraimeatán, CF4, an ceann is simplí. Nasc an-chobhsaí is ea an nasc C-F, agus tá na fluaracarbóin sháithithe an-neamhimoibríoch. Déanann teitreafluaireitiléin (CF2=CF2) an pholaiméir an-chobhsaí PTFE (Teflon) trí phoiliméarú suimiúcháin.