Flosc maighnéadach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí Méid FisiciúilFlosc maighnéadach
Cineálflosc Cuir in eagar ar Wikidata
Foirmle
Cuir in eagar ar Wikidata


Sreabhadh na hiarmharta maighnéadaí sa réigiún timpeall maighnéid ón bpol N go dtí an pol S, nó thart ar shreang sruthiompartha. Úsáidtear an tsiombail Φ, agus tomhaistear san aonad véibear (Wb) é. Is ionann an chainníocht seo is an floscdhlús (B) méadaithe faoin bhfairsinge a bhfuil an flosc ag sreabhadh tríthi. Tá an gaol seo idir floscdhlús is an déine mhaighnéadach H: B = μ H, nuair is é μ tréscaoilteacht mhaighnéadach an mheáin ina bhfuil an flosc ag sreabhadh.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Flosc maighnéadach". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 277.