Eintríteas ionfhabhtaíoch cat

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Fliú na gcat)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí GalarEintríteas ionfhabhtaíoch cat
cuir in eagar
Cineálionfhabhtú sa chonair riospráide, galar víreasach tógálach, galar sa chonair riospráide uachtarach agus cat health (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Pataigineas
CúisFelid herpesvirus 1, Feline calicivirus, Bordetella bronchiseptica agus Chlamydophila felis Cuir in eagar ar Wikidata

Galar suntasach ag cait de gach saghas, marfach go minic. Tugtar fliú cat air freisin. Víreas ón ngrúpa parvaivíreaseach is bun leis, é láidir frithsheasmhach ag maireachtáil sa chomhshaol. Bíonn cait óga an-soghonta dó, agus nuair a fhaigheann siad an t-ionfhabhtú titeann siad i meirfean is básaíonn go tapa. Sa chat aibí ionfhabhtaithe tarlaíonn titim ollmhór i líon na gceall bán sa bhfuil, ní tharlaíonn buinneach i gcónaí ach bíonn an díhiodráitiú dian, an tnáitheadh tapa is an mhortlaíocht ard. Tá vacsaín éifeachtach ann mar chosaint ina choinne, ach is gá ionaclú go rialta chun an imdhíonacht a chaomhnú.[1]

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Eintríteas ionfhabhtaíoch cat". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 243.

Naisc sheachtracha[cuir in eagar | athraigh foinse]