Fland Mac Máel Sechnaill

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Jump to navigation Jump to search
Fland mac Máel Sechnaill
Ard-Rí na hÉireann
Flann for Érinn.png
Céad línte an dáin 'Fland for Érinn' le Máel Mura Othna, as Leabhar (Mór) Leacain (RIA MS 23 P 2), 296v
Réimeas 879–916
Dáta breithe circa.847
Dáta báis 25 Bealtaine 916
Áit bháis Loch Ainninn, An Iarmhí
Réamhtheachtaí Áed Findliath
Comharba Niall Glúndub

Bhí Fland mac Máel Sechnaill mac Máele Ruanaid (847 nó 848-25 Bealtaine 916) (Béarla: Flann Sinna) de chuid Chlann Cholmáin ina Rí Míde ó 877 ar aghaidh agus bíonn sé san áireamh mar Ard-Rí na hÉireann. Ba dheirfiúr Chearbhall mac DúnlaingeOsraí a mháthair Lann.

Roghnaíodh Fland mar Ard-Rí na hÉireann, ar a dtugtar freisin Rí na Teabhrach, tar éis bás a chéad col ceathrar agus a sheanathair Áed Findliath ar an 20 Samhain 879. Lean réimeas Fhlaind patrún neamhghnách na n-ardríthe Éireannacha, ag tosú ag gearradh tobhaigh i bhfoirm giall agus cíosanna ó Laighean agus ansin i bhfoirm cogaí in aghaidh na Mumhan, Uladh agus Connacht. Bhí rath níos mó ná an chuid is mó de ríthe na hÉireann ag Fland. Mar sin féin, seachas éachtaí míleata agus taidhleoireachta a réimeas, is é a ráitis bolscaireachta, i bhfoirm ardchrosa suntasacha ag ainmniú eisean agus a athair, mar ríthe na hÉireann, atá eisceachtúil.

D'fhéadfadh sé go raibh sé ar intinn ag Fland an comharbas traidisiúnta ríthe na Teamhrach a thréigean. Sé sin, an córas trínar féidir le craobhacha thuaidh agus theas Uí Néill a ghlacadh gach ré seal, ach nuair a maraíodh a chlimhain Niall Glúndub Óengus mac roghnaithe Fhlaind, ar an 7 Feabhra 915, níorbh fhéidir a leithéid de phleananna a chur i bhfeidhm. Tar éis an eachtra d'éirigh mic eile Fhlind amach agus tháinig údarás Fhlaind chun críche.


Fland mac Máel Sechnaill, Ard Rí

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]