Fithiseoirí Gealaí

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Taisteal SpáisFithiseoirí Gealaí

Cineál miseanclár NASA
NSSDCA ID1966-073Z


Sraith spásárthach de chuid na Stát Aontaithe a úsáideadh chun suirbhéireacht mhiontaifigh a dhéanamh ar an nGealach ó fhithisí os a cionn, mar ullmhúchán do na tuirlingtí a dhéanfadh daoine uirthi i gclár Apollo. Lainseáladh na spásárthaigh i 1966-1967 le ceamaraí ar bord, agus fuarthas na sonraí chun ionaid tuirlingthe Apollo a roghnú. 5 cheann a lainseáladh, agus sholáthair siad sonraí ar gheolaíocht na Gealaí. I lár na 1990idí tosaíodh ar chláir suirbhéireachta nua, Clementine is Sirtheoireacht na Gealaí, a rinne mionstaidéar ar réimse imtharraingthe na Gealaí agus a d'fhionn maiseanna dlútha faoi fharraigí na Gealaí (réimsí ar an dromchla a bhfuil cuma réasúnta leibhéalta orthu, cosúil le farraige).[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fithiseoirí Gealaí". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 275.