Is sainchreideamh Críostaí é Finnéithe Iáivé a chleachtann córas creidimh sách difriúil ón Chríostaíocht phríomhshrutha.[1] In 2022, thuairiscigh an grúpa go raibh thart ar 8.5 milliún ball ag glacadh páirt sa soiscéalachas, agus gur fhreastail 19.7 milliún duine ar Chuimhneachán bliantúil bhás Chríost.[2] Is grúpa seanóirí i Warwick, Nua-Eabhrac (ar a dtugtar Bord Stiúrtha Finnéithe Iáivé) atá i gceannas ar an sainchreideamh. Is é an bord seo a leagann amach teagasc Finnéithe Iáivé,[3] bunaithe ar an mbrí a bhaineann siad as an mBíobla.[4] Creideann siad gur gearr uainn Harmagadón, is é sin, scrios an chórais dhomhanda atá ann faoi láthair. Creideann siad freisin gurb é bunú Ríocht Dé ar domhan an t-aon réiteach ar na fadhbanna go léir atá roimh an gcine daonna.[5]
↑“2022 Grand Totals”. Watchtower Bible and Tract Society (2022). Dáta rochtana: 2023-01-10.
↑Beckford 1975 harvnb error: no target: CITEREFBeckford1975 (cabhair): "Doctrine has always emanated from the Society's elite in Brooklyn and has never emerged from discussion among, or suggestion from, rank-and-file Witnesses."