An Chré

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Cumadh an phaidir An Chré (Credo: Laidin) ag an gCéad Comhdháil Nicea sa bhliain 325 AD. Úsáidtear go forleathain é i ndeasghnátha na hEaglaise Críostaí go dtí an la atá inniu ann.

Íomhá de Chonstaintín I agus easpaig ag an gCéad Comhdháil Nicea (325), agus ina lámha téacs na Cré sa bhfoirm a tugadh di ag an gCéad Comhdháil i gCathair Chonstaintín (381)

Téacs[athraigh | edit source]

Siad na focail as Gaeilge ná:

An Chré
Creidim in aon Dia amháin,
an tAthair uilechumhachtach,
a rinne neamh agus talamh
agus an uile ní sofheicthe agus dofheicthe.
Agus in aon Tiarna amháin Íosa Críost, Mac Aonghine Dé,
an té a rugadh ón Athair
sula raibh aon saol ann.
Dia ó Dhia, solas ó sholas,
fíor-Dhia ó Fhíor-Dhia;
an té a gineadh agus nach ndearnadh,
agus atá de chomhshubstaint leis an Athair;
is tríd a rinneadh an uile ní.
Ar ár son-na, an cine daonna, agus ar son ár slánaithe,
thuirling sé ó neamh.
Ionchollaíodh le cumhacht an Spioraid Naoimh é
i mbroinn na Maighdine Muire
agus ghlac sé nádúr daonna.
Céasadh ar an gcros é freisin ar ár son faoi Phontius Píoláit;
d'fhulaing sé páis, agus adhlacadh é.
D'aiséirigh an treas lá de réir mar a d'fhógair na Scrioptúir;
chuaigh suas ar neamh; tá ina shuí ar dheis an Athar.
Tiocfaidh sé an athuair faoi ghlóir
le breithiúnas a thabhairt ar bheo agus ar mhairbh,
agus ní bheidh deireadh lena ríocht.
Creidim sa Spiorad Naomh,
Tiarna agus bronntóir na beatha,
an té a ghluaiseann ón Athair agus ón Mac.
Tugtar dó adhrach agus glóir,
mar aon leis an Athair agus leis an Mac:
is é a labhair trí na fáithe.
Creidim san aon Eaglais, naofa, chaitliceach, aspalda.
adhmhaím an t-aon bhaisteadh amháin
chun maithiúnas na bpeacaí.
Agus táim ag súil le haiséirí na marbh
agus le beatha an tsaoil atá le teacht. Amen.