Feantainil
| Spriocghalar | pian, osteoarthritis susceptibility 1 (en) |
|---|---|
| Sonraí cliniciúla | |
| Riosca le linn toirchis | Australian pregnancy category C (en) |
| Grúpa cógaseolaíochta | feineitiolaimín, piperidine (en) |
| Cód ATC | N02AB03 agus N01AH01 |
| Meán-dáileog marfach | 3.1 agus 0.03 |
| Sonraí ceimiceacha agus fisiceacha | |
| Foirmle | C22H28N2O |
| Mais mhóilíneach | 336.220164 Da |
| Leáphointe | 83 °C |
| Aitheantóirí | |
| Uimhir CAS | 437-38-7 |
| PubChem (SID) | 3345 |
| IUPHAR/BPS | 1626 |
| DrugBank | DB00813 |
| ChemSpider | 3228 |
| UNII | UF599785JZ |
| KEGG | D00320 |
| ChEBI | 119915 |
| ChEMBL | CHEMBL596 |
| PDB liogann ID | 7V7 |
| ECHA | 100.006.468 |
Is druga ópóideach sintéiseach cumhachtach é feantainil,[1] a úsáidtear mar anailgéiseach agus, in éineacht le cógais eile, le haghaidh ainéistéise.[2] Úsáidtear í freisin mar dhruga áineasa, uaireanta measctha le hearóin, cócaon, beinsidhé-asaipín nó meitiolamfataimín.
Sna 2020idí, sna Stáit Aontaithe, i gCalifornia go háirithe, is mó daoine atá á marú ag an druga sintéiseach seo ná mar atá ag coireacht gunna, ag dúnmharaithe ná ag timpistí gluaisteáin le chéile..Tá an druga seo 100 uair níos láidre ná hearóin, é saor, láidir agus beag go leor le seoladh sa bpost.[3]




Úsáid
[cuir in eagar | athraigh foinse]Úsáidtear feantainil trí instealladh, spraeáil sróine, nó paiste craiceann, nó ionsúitear í tríd an leicinn mar losainn nó táibléad.[2] [5]
Úsáidtear go príomha le haghaidh pian dhian, go háirithe le hothair a bhfuil ailse orthu agus iad faoi chúram dochtúra. Tá feantainil 50–100 uair níos láidre ná moirfín.[6]
Tosaíonn an druga go tapa agus go ginearálta maireann a éifeachtaí níos lú ná dhá uair an chloig.
Tugtar feantainil isteach sna Stáit Aontaithe ón tSín, go háirithe.[4] In 2025 dúirt an tSín go ndéanfadh an tír tuilleadh le táirgeadh an druga a chosc.[7]
Contúirtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá analóga feantainile ina ndrugaí támhshuanacha an-láidir, a bhíonn idir 10 n-uaire agus 100 uair níos láidre ná hearóin. Leanann an neart ard atá iontu de bheith ina cúis le básanna úsáideoirí mar gheall ar ródháileog.[8][9]
Úsáidtear feantainil go coitianta chun piollaí góchumtha a chruthú faoi cheilt mar OxyContin, Xanax, Adderall, i measc piollaí eile. Sa bhliain 2020, thosaigh táibléid feantainile ina raibh xiolaisín (suaimhneasán capall) ag dul timpeall sna Stáit Aontaithe.[10]
Cuntas finné súl
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2026 thug Ciarán Dunbar cuairt ar Vancouver sa Cholóim Bhriotanach:[6]
Taobh istigh de shoicind siúil, imíonn cathair nua-aimseartha Vancouver agus na daoine saibhre sláintiúla a chónaíonn ann agus téann duine isteach i gceantar salach iar-apacailipteach. Daoine ann ina luí ar an tsráid, gan aithne gan urlabhra, cromtha, a gcorp casta as riocht, salach, clúdaithe le cac in amanna, bríste thíos is tóin nocht go minic. Agus tá na céadta acu ann – sráideanna dubh leo ar feadh míle i ngach treo.
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Fíorscéal ar TG4, 24 DF 2017 (258)[3] "Tabharfar spléachadh sa gclár faisnéise seo ar phaindéim mharfach eile atá go mór i mbéal an phobal i Meiriceá Thuaidh in 2017 - géarchéim an fheantainil ópóidigh. Beifear in Vancouver, croílár an eipidéim feantainil chun bualadh leis na hoibrithe cúraim sláinte, na gníomhaithe, lucht a ndíolta agus an dream atá á úsáid."
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ i mBéarla, fentanyl
- 1 2 "fentaNYL". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 14 December 2017.
- 1 2 TG4. "ROSG - Fíorscéal". rosg.ie. Dáta rochtana: 2026-04-04.
- 1 2 Nuacht RTÉ (2025-02-04). "Taraifí gearrtha ag Meiriceá ar an tSín agus a mhalairt go cruinn" (as ga-IE).
- ↑ "Fentanyl Tablets".
- 1 2 Ciarán Dunbar. "Ceanada – tír mhór, tír ar leith. Aiste aistir le Ciarán Dunbar" (ga-IE). NÓS. Dáta rochtana: 2026-04-03.
- ↑ Nuacht RTÉ (2025-10-30). "Trump ag maíomh as comhaontú nua leis an tSín" (as ga-IE).
- ↑ "Fentanyl". CDC Injury Center. Cartlannaíodh an bunleathanach ar 15 December 2017.
- ↑ Aontas Eorpach (25 Samhain 2022). "RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) 2023/196 ÓN gCOIMISIÚN L_2023027GA.01000101.xml". eur-lex.europa.eu. Dáta rochtana: 2026-04-04.
- ↑ "With overdoses at record highs, a veterinary tranquilizer spreading through the U.S. drug supply poses new threats" (en-US). STAT.