Jump to content

Dúnmharuithe Pháirc an Fhionnuisce (1882)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtDúnmharuithe Pháirc an Fhionnuisce
Cineáldúnmharú polaitiúil Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana6 Bealtaine 1882 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhPáirc an Fhionnuisce, Éire Cuir in eagar ar Wikidata
TírRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
ÍospartachFrederick Cavendish
Tomás Éinrí Búrc Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna2 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coireJames Fitzharris (en) Aistrigh (getaway driver (en) Aistrigh)
Irish National Invincibles (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata


Lord Frederick Cavendish, 1872
Thomas Henry Burke
Clú idirnáisiúnta ar an eachtra... léiriú ar 25 Bealtaine 1882 sa Ghearmáin

Ar 6 Bealtaine 1882, maraíodh beirt den lucht údaráis ba shinsearaí in Éirinn ag an am, an Tiarna Cavendish, Príomh-Rúnaí na hÉireann, agus Thomas Burke, Fo-Rúnaí Buan, le sceana máinliachta i bpáirc an Fhionnuisce, baill tábhachtacha de chuid údarás na Breataine ba ea iad.[1]

Bhí an dream, na 'Invincibles',[2] foghrúpa de na Fíníní, freagrach as. Sular i bhfad, tugadh Dúnmharuithe Pháirc an Fhionnuisce (Phoenix Park Murders) ar an eachtra agus cáineadh é go forleathan.

'The Irish Frankenstein' san iris Punch (20 Bealtaine 1882). Is é Parnell an fear seó, agus na Finíní an t-arracht
James Carey

Iarracht ar cheannaireacht an rialtais Bhriotanaigh in Éirinn a chur de dhroim seoil. 'Eachtra sceimhlitheoireachta' gan choinne, baineadh stangadh ceart as gach duine sa tír ag an am agus bhí clú idirnáisiúnta ar an ionsaí.

Dúnmharaíodh Burke agus Cavendish mar fhreagra ar thabhairt i láthair na nAchtanna Comhéignithe i gcoinne Chonradh na Talún, chomh maith leis an eachtra inar dhúnmharaigh baill den RIC beirt taispeántóirí i gContae Mhaigh Eo.[3]

Níos déanaí, d’iompaigh James Carey ina bhrathadóir lena bheatha féin a shábháil agus thug sé fianaise in aghaidh a chomhghleacaithe a chinntigh gur crochadh cúigear acu.[4] Cuireadh Joe Brady, Michael Fagan, Thomas Caffrey, Dan Curley agus Tim Kelly chun báis idir 14 Bealtaine - 9 Meitheamh 1883.

In Márta 1887, cúisíodh san éagóir Charles Stewart Parnell. D'fhoilsigh The Times 'litreacha' (idir 7 Márta - 18 Aibreán 1887)[5] a scríobh Parnell, ag tabhairt tacaíocht do na Finíní. Cuireadh go bréagach cuid den mhilleán ar Pharnell mar sin.

An bhliain dár gcionn, 1888, léirigh tuarascáil gur litreacha bréige iad a scríobh an t-iriseoir Richard Pigott sa The Times. Ach bhí strus ar Pharnell mar an gcéanna agus bhásaigh sé sa bhliain 1891.

Féach freisin

[cuir in eagar | athraigh foinse]
  1. Nuacht RTÉ (2021-07-16). "Éitheach cinniúnach tugtha i gcás stairiúil Phadaí Mhicheáil Airt" (as ga). 
  2. nó 'Invincibles Náisiúnta na hÉireann'
  3. theIrisHstory.com. "The Invincibles and the Phoenix Park killings – The Irish Story" (en-GB). Dáta rochtana: 2021-07-21.
  4. "Fianaise nua gur iomrall ceartais a bhí i gcrochadh fear Gaeltachta i gcás dúnmharaithe stairiúil" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2021-07-21.
  5. MYLES DUNGAN (2010). "Writing nearly on the wall for Parnell" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-12-04.