James Carey (Fíníneach)
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1845 |
Bás | 1883 37/38 bliana d'aois |
Gníomhaíocht | |
Ball de |
Fínín as Baile Átha Cliath ba ea James Carey (1845 – 29 Iúil 1883). Bhí Carey i gceannas ar na Invincibles, an dream a bhí freagrach as Dúnmharuithe Pháirc an Fhionnuisce i mBealtaine na bliana 1882, tráth a sádh agus a maraíodh beirt den lucht údaráis ba shinsearaí sa tír ag an am, Thomas Burke agus an Tiarna Cavendish.[1]
D'iompaigh Carey ina bhrathadóir lena bheatha féin a shábháil agus thug sé fianaise in aghaidh a chomhghleacaithe a chinntigh gur crochadh cúigear acu.
Bhí olc agus fuath as cuimse ag go leor de phobal na hÉireann do Carey. Measadh gur tréas a bhí ann fianaise a thabhairt lena bheatha féin a shábháil agus a chomhghleacaithe a dhamnú.[2]
Feallmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhí Carey ar bord loinge ar chósta na hAfraice Theas agus é ag éalú ar deoraíocht i ngan fhios don saol mhór nuair a mharaigh Padaí Mhicheáil Airt é.
Rinneadh ceiliúradh ar bhás Carey ag an am ar fud na hÉireann agus i measc an phobail Ghael-Mheiriceánaigh chomh maith. Moladh mar laoch Padaí mar gur mharaigh sé an brathadóir.[3]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Padaí Mhicheáil Airt
- Lord Frederick Cavendish
- Dúnmharuithe Pháirc an Fhionnuisce
- Bráithreachas na bhFíníní
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ Nuacht RTÉ (2021-07-16). "Éitheach cinniúnach tugtha i gcás stairiúil Phadaí Mhicheáil Airt" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-07-16). "Éitheach cinniúnach tugtha i gcás stairiúil Phadaí Mhicheáil Airt" (as ga).
- ↑ Nuacht RTÉ (2021-07-16). "Éitheach cinniúnach tugtha i gcás stairiúil Phadaí Mhicheáil Airt" (as ga).