Faocha bhiorach

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
WD Bosca Sonraí Ainmhí BheoFaocha bhiorach
Epitonium clathrus Cuir in eagar ar Wikidata

Cuir in eagar ar Wikidata
Tacsanomaíocht
For-ríochtEukaryota
RíochtAnimalia
FíleamMollusca
AicmeGastropoda
OrdSorbeoconcha
FineEpitoniidae
GéineasEpitonium
SpeiceasEpitonium clathrus Cuir in eagar ar Wikidata
Linnaeus, 1758

Is moileasc mara gastrapódach san fhine Epitoniidae é Epitonium clathrus, ar a dtugtar an fhaocha bhiorach go coitianta.[1][2]

Rinne Carl von Linné cur síos air ar dtús mar Turbo clathrus,[3] agus tugadh Clathrus clathrus, Scalaria communis, agus Epitonium commune air níos déanaí.

Tá an fhaocha bhiorach an-choitianta feadh chósta an Atlantaigh Thoir, sa Mhuir Thuaidh suas go dtí an Iorua, sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh. Is annamh a fhaightear beo é.[4] Cé go bhfuil sé le fáil sa Mhuir Bhailt, tá sé ina speiceas leochaileach ansin.[5]

Is creachadóir í Epitonium clathrus. Itheann sí bundúin leice (Anthozoa, Actiniaria) agus coiréil (Anthozoa, Scleractinia).

Fásann an sliogán cónchruthach 35mm ar airde. Bíonn sé lonrach, bán nó bánbhuí, le spotaí donna air go minic. Casann seacht n-easna thiubha bhíseacha (costae) timpeall 12–15 rinse. Is minic a bhíonn dhá nó trí bhanda corcra sna rinsí seo. Bíonn an prótaconc maol agus an poll cruinn. Níl aon imleacán ann.

Rinne Séamus Mac an Iomaire cur síos ar an bhfaocha bhiorach ina leabhar Cladaí Chonamara:

Ar an domhain is coitinne leo seo cónaí, go mór mór ar ghrinneall gainimh rua. Ó orlach go dtí dhá orlach ar fhad a bhíos siad, gob biorach rinseach, mar a bheadh barr gimléid ann, orthu. Níl mórán faochan chomh hálainn leo maidir le dath... Le linn taoille trá cruinníonn slua éanacha mara le béile bia a bheith acu... an chuid a bhfuil gob maith crua orthu briseann siad iad in aghaidh na gcloch leis an mbia a fháil. Is maith an t-údar eolais an riachtanas agus an t-ocras.

Is deas an radharc na faochain agus gach cineál sliogán i mbarr na trá agus an ghrian ag scaladh orthu i dtús an lae, gach cineál dath breactha go lonrach anseo agus ansiúd...[6]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. “Epitonium clathrus” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-06-30.
  2. WoRMS (2010). "Epitonium clathrum (Linnaeus, 1758)". In: Bouchet, P.; Gofas, S.; Rosenberg, G. (2010) World Marine Mollusca Database. Accessed through: World Register of Marine Species at http://www.marinespecies.org/aphia.php?p=taxdetails&id=146905 on 2010-11-25
  3. Graham, 1988 Prosobranch and Pyramidellid Gastropods, p. 488
  4. M.-Th. Vanhaelen (2007). "Een buitengewone stranding van levende wenteltrappen Epitonium clathrum te Koksijde (België)". De Strandvlo 27 (3-4): 122–124. (in Dutch language)
  5. HELCOM (2013). "HELCOM Red List of Baltic Sea species in danger of becoming extinct". Baltic Sea Environmental Proceedings (140). Dáta rochtana: 2014-08-03. 
  6. Mac an Iomaire, Séamas (1985). "Cladaí Chonamara" (in ga) (2ú ed.). Baile Átha Cliath: An Gúm. ISBN 978-1-85-791447-4.