Falscaithe in Haváí, 2023

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
(Athsheolta ó Falscaithe Hawaii, 2023)
Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtFalscaithe in Haváí, 2023
Radharc oíche
Íomhá
Map
 20°52′57″N 156°40′54″W / 20.8824°N 156.6816°W / 20.8824; -156.6816
Cineálfalscaí Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na blianaLúnasa 2023 Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhHaváí, Hawaii
Maui, Hawaii Cuir in eagar ar Wikidata, Haváí, SAM Cuir in eagar ar Wikidata
TírStáit Aontaithe Mheiriceá Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna97 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon gortaithe67 Cuir in eagar ar Wikidata
Líon ar iarraidh31 Cuir in eagar ar Wikidata
Costas damáiste5,500 M$ Cuir in eagar ar Wikidata

Tharla falscaithe ollmhóra in Haváí le linn Lúnasa 2023, ar oileán Maui go hairithe. Ba é baile Lahaina ar chósta thiar Maui ba mhó a buaileadh. Maraíodh 113 go díreach ar a laghad.[1] agus na céadta ar iarraidh coicís níos déanaí.[2]

B'iad seo na Falscaithe is marfaí i Stáit Aontaithe Mheiriceá ó 1918.[3] Loscadh an baile stairiúil Lahaina go talamh.[4]

aeríomhánna infridhearga, oileán Maui, 8 Lúnasa 2023
Lahaina

Imeachtaí[cuir in eagar | athraigh foinse]

Ar 8 Lúnasa 2023, bhris tinte scrobarnaigh amach ar chósta thiar an oileáin Maui. Bhí 12,000 duine ina gcónaí in Lahaina sular dódh go talamh é.

D'ardaigh gaotha láidre as spéirling ó dheas den oileán leis na tinte, agus ba ghearr go raibh baile Lahaina á dhó agus roinnt dá áitritheoirí ag teitheadh chun na farraige ó chontúirt na tine. B'éigean don Gharda Cósta na daoine sin a tharrtháil ón uisce.

Lahaina

Bhí na céadta teaghlach curtha as a dtithe i Lahaina; 12,000 duine a bhí ag cur fúthu sa baile stairiúil.[5] Bhí na mílte duine anois fágtha gan dídean de thoradh na tubaiste agus suas le 14,000 turasóir aslonnaithe ón oileán.

Ar 10 Lúnasa, d'fhógair an tUachtarán Joe Biden go loscadh sléibhe Haváí ina mórthubaiste, beart a scaoil cistí feidearálacha i dtreo stát Haváí agus oileán Maui go háirithe.

Coicís níos déanaí, bhí na céadta ar iarraidh. Bhí na húdaráis féachaint leis na coirp a bhí faighte a aithint trí bhíthin tástálacha ADN Ach bhí imní ar dhaoine go mbainfí mífhónamh as a gcuid samplaí ADN.[2]

Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]

Bhí teochtaí curiarrachta ann ar fud an domhain le linn 2023. Bhí imní ar shaineolaithe a dúirt go raibh na falscaithe seo ag tarlú mar thoradh díreach ar athrú aeráide.

Féach freisin[cuir in eagar | athraigh foinse]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Nuacht RTÉ (2023-08-11). "55 ar a laghad marbh i Hawaii" (as ga-IE). 
  2. 2.0 2.1 Nuacht RTÉ (2023-08-23). ""1,100 duine ar a laghad" fós ar iarraidh in oileán Maui" (as ga-IE). 
  3. Earth.Org (2022-09-15). "15 Largest Wildfires in US History" (en). Earth.Org. Dáta rochtana: 2023-08-21.
  4. "Eileen Gallegos, Oileán Maui i Stát Hawaii." (en). RTE Radio. Dáta rochtana: 2023-08-21.
  5. Nuacht RTÉ (2023-08-10). "Loscadh sléibhe Hawaii fógartha ina mórthubaiste ag Biden" (as ga-IE).