Hawaiʻi (oileán)
| Hawai'i (haw) | |||||
| Siombail oifigiúil | Metrosideros polymorpha | ||||
| Ainmnithe in ómós | Hawaiʻiloa (en) | ||||
| Suíomh | |||||
| |||||
| Stát ceannasach | Stáit Aontaithe Mheiriceá | ||||
| Stát sna Stáit Aontaithe | Haváí | ||||
| Contae i Haváí | Contae Hawaii | ||||
| Daonra | |||||
| Iomlán | 198,449 (2016) | ||||
| • Dlús | 19.02 hab./km² | ||||
| Tíreolaíocht | |||||
| Cuid de | Na hOileáin Haváíocha | ||||
| Achar dromchla | 10,434 km² | ||||
| Tomhas | 131 km | ||||
| Suite i nó in aice le limistéar uisce | an tAigéan Ciúin | ||||
| Airde | 4,205 m | ||||
| Pointe is airde | Mauna Kea (4,207.3 m) | ||||
| Aitheantóir tuairisciúil | |||||
| Lonnaithe i gcrios ama | |||||
Is é Hawaiʻi (nó Haváí) an t-oileán is mó de na hOileáin Haváíocha san Aigéan Ciúin. Tugtar "an tOileán Mór" agus Oileán Haváí chun idirdhealú a dhéanamh ar an oileán agus stát Haváí. Tá Hawaiʻi in oirdheisceart na nOileán Haváíoch. Tá 4,038 míle cearnacha (10,458km cearnacha) san oileán agus tá 185,079 duine ina gcónaí ann. Is é Hilo, in oirthear an oileáin, an baile is mó ann agus príomhbhaile riaracháin Chontae Haváí.
D'fhás an t-oileán as 5 bholcán, mar atá, Kohala sa tuaisceart, Hualalai san iarthar, Mauna Kea agus Mauna Loa sa lár agus Kilauea san oirdheisceart. Is é Mauna Kea an sliabh is airde in Haváí uilig agus é 14,803 troigh (4,207.2 méadar) ar airde. Is é Mauna Loa (13,677 troigh nó 4,169 méadar) an dara sliabh is airde ann. Is iad Mauna Loa agus Kilauea an t-aon dá bholcán díobh atá beo.
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]| Is síol tíreolaíochta é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
