Facs

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Tarchur macasamhail cáipéise, léaráide, is grianghraif thar an líonra teileafóin, ar fáil go huiledhomhanda ó 1986.

Forbraíodh an córas ó fhionnadh na teilighrianghrafadóireachta ag Arthur Korn i 1907, agus fionnadh an bheilineagraif ag Edouard Belin i 1925.

Anois scantar an bhuncháipéis le léas léasair, agus códaítear go digiteach í le tarchur don ghlacadóir. Ansin déantear é a phriontáil líne i ndiaidh líne ar pháipéar teirmíogair nó gnáthpháipéar.

Tógann sé 15 soicind ar a laghad leathanach A4 a tharchur.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Facs". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 252.