Fachtóir Rhesus

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Sraith antaiginí éagsúla a bhfuil gaol gairid eatarthu, i láthair de ghnáth i gcillscannáin na n-eiritricítí (cealla dearga fola) daonna. Is orthu a bhunaítear córas Rh (Rhesus) na ngrúpaí fola. Daoine a bhfuil an fachtóir acu, rangaítear mar Rh+ iad, agus iad sin gan é, is Rh- iad. Má bhíonn bean Rh- ag iompar a céad pháiste Rh+, féadfaidh sí antasubstaintí frith-Rh+ a tháirgeadh sa tréimhse díreach tar éis na breithe. I dtoircheas níos déanaí, féadfaidh na hantasubstaintí seo dul trasna na placainte, agus más Rh+ an féatas, féadfaidh siad tús a chur le haemalú (scrios na gcealla dearga fola) is galar (marfach) haemalaíoch sa naíonán nuabheirthe. Is féidir an priacal seo a laghdú trí chruthú na n-antasubstaintí máthartha a laghdú le dáileog antasubstaintí frith-Rh+ don mháthair díreach tar éis breith an chéad naíonáin. Bíonn timpeall 85% den phobal geal Rh+, ach bíonn difríochtaí suntasacha sa chóimheas Rh+/Rh- i bpobail éagsúla eile.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Fachtóir Rhesus". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 251.