Jump to content

Óglaigh na hÉireann (Fórsaí Cosanta na hÉireann)

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.
Bosca Sonraí EagraíochtaÓglaigh na hÉireann
Sonraí
Cineálfórsaí armtha Cuir in eagar ar Wikidata
Stair
Dáta a bunaíodh1 Deireadh Fómhair 1924
Codanna

Suíomh gréasáinhttp://www.military.ie/
Facebook: DefenceForces Twitter: defenceforces Youtube: UCjfwRSvcaGpInbj888JycaA Cuir in eagar ar Wikidata
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
WD Bosca Sonraí Foirgneamh
Páirc an Fhionnuisce
Íomhá
Lipéad sa teanga dhúchais(ga) Páirc an Fhionnuisce Cuir in eagar ar Wikidata
Sonraí
CineálPáirc Cuir in eagar ar Wikidata
Tréith
Achar dromchla707 km²
Map
 53° 21′ 21″ N, 6° 19′ 47″ O / 53.355789°N,6.329792°W / 53.355789; -6.329792
ID GeoNames2962053
ID logainm1166557
Suíomh gréasáin oifigiúilphoenixpark.ie…
Féach freisin: Óglaigh na hÉireann (idirdhealú)

Tugtar Óglaigh na hÉireann ar fhórsaí cosanta Phoblacht na hÉireann, ina n-áirítear an tArm, an tAerchór, an tSeirbhís Chabhlaigh, agus na hÓglaigh Cúltaca. Defence Forces a thugtar orthu as Béarla.

Is é misean na nÓglach na slándáil an stáit a chinntiú don trí chríocha na tíre a chosaint faoi stiúir Rialtas na hÉireann. Príomhchuspóirí na nÓglach ná:

  • an stát a chosaint ar ionsaithe armtha,
  • cuidiú leis an Gharda Síochána leis an tsíocháin a chóiméad sa tír,
  • eadráin a dhéanamh i machairí áir an domhain, go háirithe faoi bhrat na Náisiún Aontaithe, agus
  • coimirce a thabhairt do na hiascairí timpeall na tíre.
Saighdiúirí - Arm na hÉireann

Is é Arm na hÉireann an brainse is mó de na hÓglaigh, agus ocht míle go léir de shaighdiúirí ar fiannas ansin. Tá trí bhriogáid cos-slua ann faoi láthair, is é sin,

  • briogáid an Deiscirt,
  • briogáid an Oirthir, agus
  • briogáid an Iarthair.
Mairnéalaigh - Seirbhís Chabhlaigh na hÉireann

Tá ceanncheathrú na Seirbhíse Cabhlaigh suite in Inis Sionnach i gCuan Chorcaí. Tá 1,144 mairnéalach ar fiannas sa tSeirbhís Chabhlaigh, agus ocht long ann ar fad. Is iad na longa ná LÉ Emer (P21), LÉ Aoife (P22), LÉ Aisling (P23), LÉ Eithne (P31), LÉ Orla (P41), LÉ Ciara (P42), LÉ Niamh (P52), agus LÉ Róisín (P51).

Is é Aerchór na hÉireann aerfhórsa Bhuan-Óglaigh na hÉireann, agus é lonnaithe in Aerfort Mhic Easmainn, i gContae Átha Cliath. Tá thart ar 850 duine ar fiannas san Aerchór i láthair na huaire.

Póstaer earcaíochta