Jump to content

Fóineolaíocht de chuid Gaeilge na hAlban

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

An chuid is mó de na litreacha, is iomann a bhfuaimniú sa Ghàidhlig agus formhór mór na dteangacha Eorpacha. Is fuaimeanna déadacha iad, áfach, T agus D leathan Ghaeilge na hAlban, cosúil leis an dóigh a bhfuaimnítear iad i nGaeilge. Sna teangacha eile, ní féidir T agus D a fhuaimniú ach go hailbheolach; is é sin, fuaimnítear in aghaidh dhroim an drandail iad. Fuaimnítear na consain shéimhithe cosúil leis an nGaeilge, ach is féidir an TH a fhuaimniú (go háirithe idir dhá ghuta) mar /ʔ/, is é sin, mar phléascach glotasach. Ní fhuaimnítear an FH ar aon nós, ach amháin i dtrí fhocal eisceachtúla, mar atá, fhèin (nó fhìn), fhuair ("fuair" na Gaeilge) agus fhathast, a chiallaíonn "fós" (mar sin, ní hionann é agus "fosta" Ghaeilge Uladh, a chiallaíonn "freisin"). Is mar [h] a fhuaimnítear an FH sa trí fhocal seo.

Consain Gnáthfhoirm   Foirm shéimhithe  
  Leathan Caol Leathan Caol
b b b v v
c k c [ kʲ] x ç
d d ʤ * j
f f f ∅ (gan fh.) ∅ (gan fh.)
g ɡ ɟ [ ɡʲ] * j
         
Fuaimniú na gconsan i nGaeilge na hAlban
  • Is fiú roinnt sonraí ginearálta a bhreacadh síos.

An chéad siolla is minicí a bhíonn faoi bhéim, m.sh. drochaid (/ˈdrɔ.xæʧ/) "droichead". Na Béarlóirí nach bhfuil a fhios acu é, is iomaí logainm sna Garbhchríocha nach bhfuaimníonn siad mar ba chóir, m. sh. Mallaig — /ˈmæ.lɛk/.

  • Is minic a bhíonn logainmneacha Gaeilge na hAlban comhdhéanta as níos mó ná aon fhocal amháin, agus an bhéim á cur ar an siolla mícheart sa leagan Béarla dá lán de na logainmneacha seo, m. sh. Tyndrum (/tɯin.ˈdrɯm/) < Taigh an Droma (/tøi æn ˈdrɔ.mæ/).
  • Gné ar leith i bhfuaimíocht na Gaeilge, a bhfuil tionchar aige ar fhuaimniú na hAlban i gcoitinne, ná — cf. girl /ˈɡɯ.rəl/ agus film /ˈfɪ.ləm/) go sátar gutaí cúnta idir chonsain áirithe nuair a bhuaileann siad le chéile; is é sin le rá, idir sonorants (<l> or <r>) agus i ndiaidh consain áirithe:
tarbh — /ˈtæ.rəv/;
Alba — /ˈæ.lə.pæ/.
  • Is spéisiúil go bhfeictear an ghné seo, atá ag na teangacha Ceilteacha i gcoitinne, i dteangacha Indiacha freisin, agus is uathusan a gheibheann sé ainm, svarabhakti. Mar nach bhfeictear anois é ach sna teangacha is faide siar agus is faide soir des na teangacha Ind-Eorpacha, tugann sé seo tuairim dúinn go raibh sé sa Phróta-Ind-Eorpais, ach gur cailleadh é i lár a réimse san áit ar mhó an t-athrú teangan.

Déantar fuaimniú ar b, d agus g i dtús focla, ach ní dhéantar é i lár ná ag deireadh focla:

duine — /ˈdu.ɲə/;
bradan — /ˈbræ.tæn/;
balach — /ˈbæ.ləx/;
Alba — /ˈæ.lə.pə/.
  • Le agus <t>, is é an riail ná go bhfuaimnítear iad sa ghnáthmhodh (neamhghlórach) ag tús focail, ach go bhfuilid réamhanálaithe i lár nó ag deireadh focail (braitheann méid na difríochta seo ar an gcanúint):
cat — /kæht/ nó /kæxt/.
  • Ní fhuaimnítear gutaí gan bhéim ag deireadh focla nuair a leanann focal ag tosú le guta é:

duine — /ˈdu.ɲə/;

an duine agad — /ən ˈdu.ɲə ˈæ.kət/ Is binne í an Ghaeilge dá bharr seo.