Aló
| Aloe | |
|---|---|
Aloe hereroensis | |
| Sonraí | |
| Is foinse é an tacsón seo de | aló |
| Tacsanomaíocht | |
| Ríocht | Plantae |
| Ord | Asparagales |
| Fine | Asphodelaceae |
| Fofhine | Asphodeloideae |
| Géineas | Aloe L., 1753 |
| Cineál tacsanomaíoch | Aloe disticha |
| Ainmníocht | |
| Géineas | baininscneach |


Glaotar aló[1] (nó fóifíneach;[2] géineas Aloe as Laidin) ar ghéineas phlandaí, ina bhfuil timpeall 500 speiceas plandaí blátha súmhara. Is é an t-aló íceach (Aloe vera as Laidin — a chiallaíonn “an fíoraló”) an speiceas is cáiliúla. Géineas dúchasach don Afraic atá ann, agus is minic a fhaightear é i gCúige Rinne na hAfraice Theas, i sléibhte na hAfraice Trópaicí, agus i gceantair ghaolmhara ar nós Madagascar, Leithinis na hAraibe, nó ar oileáin na hAfraice.
Úsáidí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Is minic a shaothraítear an t-aló mar phlanda maisiúcháin do gharraithe agus potaí araon. Úsáidtear an t-aló íceach ar dhaoine go hinmheánach agus go seachtrach, mar síltear go bhfuil araíonna leighis aici. Is féidir uachtar bog a dhéanamh den ghlóthach ina duilleoga a chneasaíonn dónna ar nós griandó. Freisin is féidir cineálacha gallúnaigh speisialta a dhéanamh astu.
Speicis
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tá timpeall 400 speiceas den ghéineas Aloe ann. Samplaí ná:
|
|
Mionfhíric
[cuir in eagar | athraigh foinse]
Bhí aló le fail ar stampaí 1919 sa Bhatúim, leath-féinrialtach den Ghrúis i réigiún deisceartach na Cugais.
Íomhánna
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Aló guaireach
- Aloe hereroensis
- Aló bídeach
- Aloe_saponaria
- Aloe speciosa
- Aloe striatula
- Aló Rauh
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““Aloe” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-05-30.
- ↑ Niall Ó Dónaill, eag.: “Foclóir Gaeilge-Béarla (Ó Dónaill): fóifíneach” (ga). Teanglann.ie. An Gúm (1977). Dáta rochtana: 2023-05-30.