Físdiosca

Ón Vicipéid, an chiclipéid shaor.

Meán taifeadta is athsheanma ina dtaifeadtar an íomhá is an fhuaim ar rianta fíormhíne frithchaiteacha, bíseach nó comhlárnach, ar dhiosca cothrom ciorclach. Scanann léas solais ó léasar héiliamneoin nó dé-óide an tsraith log ar feadh an riain, agus braitheann fótaidhé-óid an léas frithchaite chun an comhartha a tháirgeadh. Is féidir uair an chloig de chlár a thaifeadadh ar dhiosca 30 cm ar trastomhas. Taifeadtar dhá fhráma den íomhá teilifíse ar rothlú amháin ar fud an diosca, agus is éasca mar sin pictiúir shocaire aonfhráma a léiriú. Ní hionann is fístéip, is féidir le físdiosca dul ó chuid amháin sa chlár go cuid eile go héasca tapa.[1]

Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]

  1. Hussey, Matt (2011). "Físdiosca". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 270.