Fíor-IRA
| Sonraí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
| Cineál | paraimíleatach eagraíocht sceimhlitheoireachta eagraíocht | |||||||||||||||||||||||||||||||||
| Idé-eolaíocht pholaitíochta | Éire Aontaithe Physical force Irish republicanism (en) | |||||||||||||||||||||||||||||||||
| Stair | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Scartha ó | Óglaigh Shealadacha na hÉireann | |||||||||||||||||||||||||||||||||
| Dáta a bunaíodh | 1997 | |||||||||||||||||||||||||||||||||
| Chumasc isteach le | An tIRA Nua (2012) | |||||||||||||||||||||||||||||||||
| Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 26 Iúil 2012 | |||||||||||||||||||||||||||||||||
| Rud nó duine a tháinig ina áit | An tIRA Nua (2012) | |||||||||||||||||||||||||||||||||
| Rialachas corparáideach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||
| Uachtaránacht | Council of war (en) | |||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||
Easaontóirí poblachtánacha a bhí san "Fhíor-IRA" (i mBéarla, an "Real IRA" nó RIRA[1]). Bhí siad ag iarraidh próiseas na síochána a scrios i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta.[2]
Imeachtaí
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tháinig an Fíor-IRA ar an bhfód in 1997.[3] Tharla an t-ionsaí is mó, Sléacht na hÓmaí, ar an 15 Lúnasa 1998. Maraíodh 31. Is fada daoine ag maíomh gurbh fhéidir agus gur cheart stop a bheith curtha leis na buamadóirí ón Fíor-IRA roimh ré agus gur rinneadh faillí ar dhá thaobh na teorann. Reáchtálfar fiosrúchán in 2025. 'Sé aidhm an fhiosraithe a fháil amach an raibh an bhuamáil ar an Ómaigh inchoiscthe.[2]
D'fhógair an "Fíor IRA" 'sos comhraic' ar an 7 Meán Fómhair 1998.[4]
Cuireadh "deireadh" leis ar an 20 Eanáir 2000. Ach sa bhliain 2001, gortaíodh seachtar nuair a phléasc buama gluaisteáin in Ealing Broadway in iarthar Londan. Ba iad freisin a rinne ionsaí roicéid sa bhliain 2000 ar cheannáras MI6.[5]
Feallmharaíodh an brathadóir Denis Donaldson in 2006. Cuireadh an locht ar dtús ar an IRA Sealadach as an dúnmharú ach ghlac an Fíor-IRA freagracht trí bliana i ndiaidh a bháis.[6]
Chuaigh dreamanna éagsúla easaontóirí i gcomhghuaillíocht le chéile timpeall 2012 agus astu sin a d’eascair an bhuíon a ghlaonn an tIRA orthu féin. Is mar ‘an tIRA Nua’ is fearr aithne orthu.[7]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Buamáil na hÓmaí, 1998
- Feallmharú Denis Donaldson, 2006
- 'Continuity IRA' (Republican Sinn Féin)
- An 'tIRA Leanúnach'
- An 'tIRA Nua’ (Dúnmharú Lyra McKee, 2019; Lámhach John Caldwell, 2023 srl)
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ nó an Real Irish Republican Army
- 1 2 Póilín Ní Chiaráin (5 Eanáir 2025). "Riar na córa agus oidhreacht na dTrioblóidí i lár an aonaigh arís" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2025-01-05.
- ↑ "Timeline of Real IRA and New IRA actions" (as en) (2024-12-30). Wikipedia.
- ↑ "CAIN: Chronology of the Conflict 1998". web.archive.org (2011-04-16). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2011-04-16. Dáta rochtana: 2025-01-05.
- ↑ Póilín Ní Chiaráin (15 Bealtaine 2016). "Sceon ar shráideanna an Tuaiscirt agus an Bhreatain san airdeall faoi bhagairt úr" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2026-04-30.
- ↑ Maitiú Ó Coimín (4 Aibreán 2016). "Muintir Denis Donaldson ag impí ar an nGarda Síochána a dhialann phearsanta a thabhairt ar láimh don Ombudsman" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-07-20.
- ↑ "Timeline of Real IRA and New IRA actions" (as en) (2024-12-30). Wikipedia.
