Eva Braun

B'í Eva Anna Paula Braun (6 Feabhra 1912 – 30 Aibreán 1945) bean chéile Adolf Hitler. Níor phós siad ach ar an 29 Aibreán 1945, nuair a bhí an tArm Dearg ag cúngú orthu cheana féin. An lá arna mhárach, chuir siad lámh ina mbás féin in éineacht.
Cé go raibh cumann grá acu ón mbliain 1932 i leith, níor phós siad roimhe Aibreán 1945. Ceann de na cúiseanna a luaitear leis sin is ea go raibh eagla ar Hitler go gcaillfeadh sé vótaí na mban sna toghcháin, nó go gcaillfeadh sé a ngnaoi nuair a bhí sé ina dheachtóir.
Fuair Eva Braun oiliúint i scoil trádála agus chuaigh sí ag obair ina cúntóir do Heinrich Hoffmann, grianghrafadóir Hitler. Ansin a fuair sí aithne ar Hitler, an chéad uair sa bhliain 1929, nuair a bhí sí seacht mbliana déag d'aois, agus théadh Hitler agus sise chuig na pictiúirí uaireanta.
Níor thosaigh an cumann grá dháiríre roimh an mbliain 1932, nuair a chuir neacht Hitler, Angela "Geli" Raubal, lámh ina bás féin. D'fhág a bás siúd Hitler go mór faoi léan, agus ansin, chuir Eva an chuma ar an scéal go raibh sí féin meáite ar fhéinmharú a dhéanamh. D'éirigh Hitler chomh buartha fúithi, ansin, nach scarfadh sé léi a thuilleadh.
Duine neamhpholaitiúil go hiomlán ab ea Eva Braun, agus ní cheisteodh sí polasaithe Hitler. B'iad an faisin, na scannáin agus an ceol na rudaí ba mhó ba suim léi.