Escherichia coli O104:H4
| Sonraí | |
|---|---|
| Ruaimniú Gram | baictéir Ghram-dhiúltacha |
| Tacsanomaíocht | |
| Ríocht | Pseudomonadati |
| Fíleam | Pseudomonadota |
| Aicme | Gammaproteobacteria |
| Ord | Enterobacterales |
| Fine | Enterobacteriaceae |
| Géineas | Escherichia |
| Speiceas | Escherichia coli |
| Luach ar iarraidh | Escherichia coli O104:H4 |
Is tréithchineál eintrea-fhuilreatha annamh, den bhaictéar Escherichia coli, é an baictéar Escherichia coli EHEC O104:H4, agus is cúis leis an ráig Escherichia coli O104:H4 na bliana 2011. Aithníonn an "O" san aicmiú séireolaíocha antaigin lipea-pholaisiúicríd na cillbhalla, agus aithníonn an "H" antaigin lascnaideach.
Thug seicheamhú géanómaíochta a rinne BGI Shenzhen le fios go mbaineann an baictéar le "tréithchineál an-thocsaineach nua", hibrid a bhfuair cumas an-nimhreach éigin de chuid na nE. coli eintrea-chomhchruinneacha trí aistriú cothrománach géine.

Stair
[cuir in eagar | athraigh foinse]Roimh thús na ráige, sa bhliain 2011, ní raibh ach cur síos ar chás amháin de O104 :H4 ann sa litríocht, agus bhain an cás seo le bean sa Chóiré sa bhliain 2005. Is dócha go raibh O104:H21, tréithchineál idirghaol eile, bainteach le cás de dhrólainníteas fuilreatha a bhris amach i Montana sa bhliain 1994.