Erwin Rommel
Bhí Erwin Johannes Eugen Rommel (rugadh 15 Samhain 1891 agus d'éag 14 Deireadh Fómhair 1944) ina cheannasaí ar an arm Gearmánach i rith an Dara Cogadh Domhanda.
Thóg sé páirt in san Chéad Chogadh Domhanda.
El Alamain
[cuir in eagar | athraigh foinse]Bhain Rommel an cháil is mó amach mar cheannasaí ar an arm Gearmánach a throid in aghaidh na Sasanaí san fhásach i dtuaisceart na hAfraice. De bharr a dul chun chinn in aghaidh Montgomery, an ceannaire Sasanach, ghlaodh "Sionnach an Fhásaigh" air. (Gearmáinis: Der Wüstenfuchs). Faoi dheireadh bualadh é ag cath El Alamain.
D'fhill sé ar an Ghearmáin ach bhí amhras ar na Naitsithe go raibh sé bainteach leis an iarracht Adolf Hitler a mharú sa chomhcheilg ar an 20 Iúil 1944.
Féinmharú
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chuir Rommel lámh ina bhás fhéin tar éis brú millteanach air ó na Naitsithe. D'fhéach Rommel le Hitler a mharú, is cosúil. Bhí na SS ar tí Rommel a dhúnmharú. Ach b’fhearr le Rommel lámh a chur ina bhás fhéin. Níor dhúirt duine ar bith focal faoi agus adhlacadh Rommel le chuile onóir.