Eotróife
Is éard is eotróife[1] ann ná próiseas ina méadaítear an oiread cothaitheach i gcomhair plandaí atá i loch nó lochán. Is amhlaidh a iompraíonn srutháin is aibhneacha níotráití, fosfáití is leasúcháin nádúrtha eile a thuaslagann siad amach ón ithir isteach i locha, mar a dtiubhaíonn siad. Mar thoradh air sin fásann algaí is plandaí uisce as cuimse, plódaionn siad an t-uisce, agus nuair a fhaigheann siad bás ídíonn an fásra lofa an ocsaigin thuaslagtha san uisce ionas go maraítear na héisc sa loch. Leanann plódú an uisce, agus líontar an loch de réir a chéile le fásra marbh. Tagann an loch le bheith ina phortach, agus faoi dheireadh ina ithir thirim. Tá eotrófacht mire ar siúl in áiteanna áirithe de bharr imeachtaí daonna. Cuireann leasúcháin shaorga a nítear isteach in aibhneacha, camras, fuíll áirithe tionsclaíochta, agus glantaigh go mór leis an bpróiseas. De réir dealraimh, tá an-dochar den saghas seo déanta do Loch Erie i Meiriceá Thuaidh, Muir na Gailíle, agus Loch Baikal sa tSibéir.[2]
Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ ““eutrophy” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2023-08-16.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Eotrófacht". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 249.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |