Eoghan Mac Cormaic
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Doire ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | scríbhneoir ![]() |
![]() ![]() |
Is údar, file, agus iarchime poblachtach as Cathair Dhoire é Eoghan “Gino” Mac Cormaic.

Beatha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Chaith sé cúig bliana déag i bpríosún, ó 1976 go 1991, na blianta 1976–1981 i mbun agóide sna Blocanna H sa Cheis Fhada. In éindí leis na céadta cime eile, dhiúltaigh sé éadaí an phríosúin a chaitheamh ná obair an phríosúin a dhéanamh, ag iarraidh stádas mar chimí polaitiúla a bhaint amach.
Bhí sé ag obair leis an eagraíocht Glór na nGael idir 2005 agus 2023 mar leascheannaire agus bainisteoir for-rochtana.[1] Bhí sé gníomhach freisin ag forbairt cluichí boird éagsúla as Gaeilge.[2]
Ceapadh é ar Bhord Fhoras na Gaeilge in 2006 agus bhí sé ina leaschathaoirleach idir 2007 agus 2015.[1]
Saothar
[cuir in eagar | athraigh foinse]Sa bhliain 2022, d'fhoilsigh Mac Cormaic leabhar cuimhní cinn ar an tréimhse a chaith sé “ar an phluid”. Bronnadh an chéad duais i gComórtas Liteartha an Oireachtais ar an leabhar.[3]
Tháinig Gaeil agus Géibheann amach in 2025, ar an gcéad leabhar, a fhéachann le dáimh na gcimí poblachtánacha leis an nGaeilge a mheas thar thréimhse fhada– tréimhse 150 bliain ó aimsir na bhFíníní go tréimhse na réabhlóide, ó bhlianta na hÉigeandála go dtí Dúnadh na mBlocanna H sa bhliain 2000..[4]
Leabharliosta
[cuir in eagar | athraigh foinse]- Caibín an Phápa, Coiscéim, 1992 (úrscéal greannmhar)
- Cúpla Míle Ceist, Glór na nGael, 2006 (tráth na gceist)
- Nodanna Don Eolach, Glór na nGael, 2007 (leabhar crosfhocal)
- On the Blanket: An A to Z of Prison Resistance, An Fhuiseog, 2022
- Pluid: Scéal na mBlocanna H 1976–1981, Coiscéim, 2022, a dhírbheathaisnéis
- Macallaí Cillín: Dánta Príosúin 1982–1991, Coiscéim, 2023
- The Pen behind the Wire: A Decade of Prison Poems (Verlag).
- Captive Columns: An Underground Prison Press 1865–2000, Island Press, 2024, leabhar a chuireann síos ar os cionn 60 sampla d’irisí, nuachtáin agus tréimhseacháin a foilsíodh – nó a scríobhadh de láimh – sa phríosún.
- Gaeil agus Géibheann: Cimí Poblachtánacha agus an Ghaeilge, Coiscéim, 2025 (ISBN 6660012240081)[4]
Féach freisin
[cuir in eagar | athraigh foinse]Naisc sheachtracha
[cuir in eagar | athraigh foinse]Tagairtí
[cuir in eagar | athraigh foinse]- ↑ 1.0 1.1 "Maidir Linn — Glór na nGael". Dáta rochtana: 2023-04-17.
- ↑ "www.cluiche.ie — Siopa ar líne do chluichí Gaeilge". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2020-02-18. Dáta rochtana: 2023-04-17.
- ↑ "Buaiteoirí 2021". Dáta rochtana: 2023-04-17.
- ↑ 4.0 4.1 "Gaeil agus Géibheann – cimí poblachtánacha agus an Ghaeilge" (ga-IE). An Siopa Leabhar (2025). Dáta rochtana: 2025-03-19.