Emily Carr
Emily Carr | |
---|---|
![]() | |
Saol | |
Eolas breithe | Victoria, Nollaig 13, 1871 |
Náisiúntacht | Ceanada |
Bás | Victoria, Márta 2, 1945 |
Áit adhlactha |
Ross Bay Cemetery (en) ![]() |
Cúis bháis | bás nádúrtha (ionfharchtadh miócairdiach) |
Oideachas | |
Alma mater |
San Francisco Art Institute (en) ![]() Westminster School of Art (en) ![]() (1899 - 1901) Académie Colarossi (en) ![]() (1910 - 1911) |
Teangacha | An Béarla |
Gairm | |
Gairm | péintéir, dírbheathaisnéisí, scríbhneoir agus criadóir |
Áit oibre | Vancouver, Victoria, Páras, An tSualainn agus Londain |
Saothar iomráiteach |
Klee Wyck (en) ![]() |
Duais |
liosta iomláin
|
Ballraíocht |
Canadian Group of Painters (en) ![]() |
Gluaiseacht |
eispriseanachas modernism (en) ![]() |
Gluaiseacht ealaíne | ealaín tírdhreacha |
Ealaíontóir agus scríbhneoir Ceanadach ab ea Emily Carr (13 Nollaig 1871 – 2 Márta 1945), agus a saothar go mór faoi anáil Bhundúchasaigh Chósta Thiar Thuaidh Cheanada. Bhí Carr ar na chéad phéintéirí i gCeanada dár chuaigh le stíl na nua-aimsearthachta agus an iar-impriseanachais.[1] Níor tugadh mórán aitheantais do shaothar Carr go dtí a blianta déannacha. De réir mar a chuaigh sí in aibíocht mar ealaíontóir, d'iompaigh sí ó théamaí bundúchasacha ar thírdhreacha, radhairc coille go háirithe. Mar scríbhneoir, ba luathchroinicí í de shaol na Colóime Briotanaí; "íocón Ceanadach" a thugann The Canadian Encyclopedia uirthi.[2]
A luathshaol[cuir in eagar | athraigh foinse]

Rugadh Emily in Victoria, sa Cholóim Bhriotanach, sa bhliain 1871, an bhliain chéanna a rinneadh cuid de Cheanada den chúige. An dara páiste ab óige de naonúr a bhí inti.[3] Sasanaigh ab ea a tuismitheoirí Richard agus Emily (Saunders) Carr.[4]