Elizabeth Gurley Flynn
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 Lúnasa 1890 Concord, New Hampshire, New Hampshire |
Bás | 5 Meán Fómhair 1964 74 bliana d'aois Moscó, An Rúis |
Áit adhlactha | Forest Home Cemetery (en) 41°52′10″N 87°49′12″W / 41.869581°N 87.819978°W |
Gníomhaíocht | |
Gairm | party chair (en) (1961–1964), gníomhaí ar son chearta na mban, iriseoir, scríbhneoir, polaiteoir, gníomhaí ar son cearta vótála, ceardchumannaí, gníomhaí, dírbheathaisnéisí |
Ball de pháirtí polaitíochta | Páirtí Cumannach SAM (1936–) |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Saothar | |
Suíomh a chartlainne | |
Teaghlach | |
Páirtí | Carlo Tresca |
Ceannaire saothair, gníomhaí agus feimineach ab ea Elizabeth Gurley Flynn (7 Lúnasa 1890 – 5 Meán Fómhair 1964) a raibh ról ceannasach aici in Oibrithe Tionscail an Domhain (OTD). Bhí Flynn ar dhuine de bhunaitheoirí Aontas Meiriceánach um um Chearta an Duine (Béarla: American Civil Liberties Union) agus mhol sí cearta na mban, breithrialú, agus vótáil na mban. Ghlac sí ballraíocht sa Pháirtí Cumannach SAM i 1936 agus go déanach ina saol, i 1961, toghadh í ina cathaoirleach. Fuair sí bás le linn cuairte ar an Aontas Sóivéadach, áit ar tugadh sochraid stáit di le mórshiúlta sa Chearnóg Dhearg ar fhreastail breis agus 25,000 duine uirthi.[1]
Cúlra[cuir in eagar | athraigh foinse]
Rugadh Elizabeth Gurley Flynn ar 7 Lúnasa, 1890, i Concord, New Hampshire, iníon le hAnnie (Gurley) agus Thomas Flynn.[2] Bhog an teaghlach go Nua-Eabhrac i 1900, áit ar cuireadh oideachas uirthi sna scoileanna poiblí áitiúla. Chuir a tuismitheoirí an sóisialachas in aithne di. Nuair nach raibh sí ach cúig bliana déag thug sí a céad óráid phoiblí, “What Socialism Will Do for Women,” i gClub Sóisialach Harlem. Mar thoradh air sin, bhraith sí gur gá di labhairt amach ar son athruithe sóisialta, agus rinne sí cinneadh, a raibh aiféala uirthi ina dhiaidh sin, Morris High School a fhágáil roimh chéim a bhaint amach. Deir foinsí eile, áfach, gur díbraíodh í ón ardscoil mar gheall ar a a rannpháirtíocht pholaitiúil.[3]
Gairmréim[cuir in eagar | athraigh foinse]
Tagairtí[cuir in eagar | athraigh foinse]
- ↑ http://www.andreageyer.info/revolttheysaid/f.html
- ↑ "Cóip cartlainne". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2019-05-15. Dáta rochtana: 2021-03-11.
- ↑ https://awpc.cattcenter.iastate.edu/directory/elizabeth-g-flynn/